Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 2 I Croístraitéis

Ag Úsáid Cur Chuige Bunaithe ar Fhianaise

2.31 Agus an Plean seo á ullmhú, rinne Comhairle Cathrach Chorcaí sraith de straitéisí agus staidéir tacaíochta a sholáthraíonn cur chuige bunaithe ar fhianaise i leith na pleanála agus, nuair is féidir, chun machnamh a dhéanamh ar an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr. Clúdaíonn na staidéir raon réimsí pleanála talamhúsáide mar shampla thithíocht, infrastruchtúr glas agus gorm, fostaíocht, dlús uirbeach agus airde foirgneamh agus tá siad ullmhaithe chun eolas a thabhairt do sheachadadh agus cur i bhfeidhm an Phlean seo.

Comhstraitéis Tithíochta Chathair agus Chontae Chorcaí agus Measúnú ar Riachtanas agus Éileamh Tithíochta :

Comhstraitéis Tithíochta Chathair agus Chontae Chorcaí agus Measúnú ar Riachtanas agus Éileamh Tithíochta:

Soláthraíonn an straitéis seo, a choimisiúnaigh Comhairle Cathrach Chorcaí agus Comhairle Contae Chorcaí i gcomhpháirt, bonn fianaise chun eolas a thabhairt do spriocanna plean forbartha do thithíocht agus dhaonra, agus chun tuiscint a fháil ar an meascán de theaghlaigh atá ag iarraidh teach a fháil i gCathair agus i gContae Chorcaí. Soláthraíonn an MRÉT agus an Straitéis Tithíochta an anailís riachtanach agus na moltaí beartais chun a chinntiú go gcomhlíonfar an t-éileamh ar thithíocht.

Próifíl Chomharsanachta Chathair Chorcaí: Leagann an staidéar seo amach próifíl shocheacnamaíoch líonra na gcomharsanachtaí, na mbailte agus na bpobal sa chathair. Úsáideann sé sraith táscairí atá bunaithe ar shonraí daonáirimh chun próifílí aonair a sholáthar do chomharsanachtaí agus do bhailte. Soláthraíonn sé sonraí comparáideacha freisin chun na háiteanna seo a mheas. Soláthraíonn an phróifíl an fhianaise chun forbróirí, pleanálaithe agus an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas chun cinntí a dhéanamh atá bunaithe ar fhianaise maidir le nádúr, meascán agus foirm na forbartha nua ag leibhéal na comharsanachta.

Staidéar ar Riachtanais Ghníomhacha Áineasa Chathair Chorcaí: Cinneann an staidéar seo candam na n-áiseanna um riachtanais gníomhaí áineasa atá ag teastáil, ról na n-áiseanna seo agus na buntáistí a bhaineann le hinfheistiú i spórt lena n-áirítear treoir bheartais chun soláthar talún le haghaidh caitheamh aimsire agus spás oscailte a chosaint. Mar chuid den staidéar seo, rinneadh iniúchadh agus athbhreithniú ar an mbonneagar áineasa atá sa Chathair faoi láthair, lena n-áirítear comhairliúchán le príomhpháirtithe leasmhara .

39

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1

Powered by