Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

e. Beifear ag súil go soláthróidh tograí forbartha spás oscailte poiblí ar a laghad 15% de ghlanachar an láithreáin infhorbartha, agus an spás seo a chumrú chun na cuspóirí criosaithe

úsáide talún, an coincheap straitéiseach tírdhreacha agus an cleachtas is fearr i

Fearann Poiblí agus Spás Oscailte Poiblí

ndearadh uirbeach agus tírdhreacha a léiriú. Bunriachtanas a bheidh ann gréasán láidir Bonneagair Ghlais agus Ghorm a bhunú, lena n- áirítear conairí láidre crann. f. Ní mór do thograí réimse poiblí soláthar a dhéanamh do gach aoisghrúpa agus dearadh uilíoch. g. Spreagfar tograí forbartha chun freastal ar riachtanais bhonneagair áineasa gníomhach na forbartha mar chuid dá moltaí laistigh de spás poiblí agus pobail. h. Chun a chinntiú go bhfuil dorchla sráide Bhóthar an Lárionaid 32m ar leithead ar a laghad agus go soláthraítear sráideanna eile ag cur san áireamh na ceanglais fheidhmiúla a bhaineann le hiompar atá leagtha amach sa Straitéis Iompair agus an treoir chomhfhreagrach ó DMURS, in éineacht leis an gcleachtas is fearr i gcúrsaí uirbeacha agus tírdhreacha. dearadh. i. A chinntiú go soláthraítea r na “Sráideanna Táscacha” ar ailíniú leathan leis na conairí a léirítear in Imleabhar 2: Cuspóirí Mapáilte.

Beidh dearadh an fhearainn phoiblí i nDuganna na Cathrach mar threoir ag Straitéis Fearainn Phoiblí na nDuganna, Treoirlínte Fearainn Phoiblí, Máistirphlean Pháirc na Muiríne 2013 agus Straitéis Draenála na nDugaí Theas 2021 (lena n-áirítear an coincheap tírdhreacha straitéiseach agus a chomhpháirteanna). Déanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí an Straitéis um Réimse Poiblí (lena n-áirítear an Máistirphlean) a nuashonrú le linn shaolré an Phlean. Beidh dearadh na gcéanna ina phríomhthosaíocht mar is tionscadal catalaíoch luath é soláthar rochtana poiblí nua agus fearann poiblí ar chladach na Laoi a dhéanfaidh an Chomhairle Cathrach iarracht a sheachadadh chun rochtain phoiblí ar Dhuganna na Cathrach a oscailt.

352

Powered by