Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 2 I Croístraitéis

Staidéar ar Bhonneagar Glas agus Gorm Chorcaí (BGG): Is

Is é BGG an téarma a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar líonra spásanna agus conairí nádúrtha agus

leathnádúrtha glasa agus gorma i limistéar ar leith amhail páirceanna agus gairdíní, coillte, páirceanna, fálta,

locha, locháin, páirceanna imeartha, gnáthóga cósta, rotharbhealaí, aibhneacha/sruthchúrsa. Áirítear leis an

bhfás dlúth inchónaithe an gá atá le tionchar an duine ar an gcomhshaol a laghdú agus aistriú go cathair

ísealcharbóin. Rinne an staidéar athbhreithniú ar shócmhainní BGG i gCathair Chorcaí chun breathnú ar

conas an líonra spásanna seo a chosaint, a fheabhsú agus a nascadh.Sainaithnítear láithreacha ina bhfuil

gá le BGG nua ardchaighdeáin chun tacú le pobail atá ann cheana féin..

Anailís Toradh Leanaí Chathair Chorcaí: Ullmhaíodh an staidéar seo chun pleanáil a dhéanamh do riachtanais leanaí i dtograí forbartha, déanann an staidéar seo anailís ar shonraí daonáirimh, dea-chleachtas idirnáisiúnta agus úsáidtear samhaltú bunaithe ar threochtaí chun an líon leanaí dóchúil a mbeifí ag súil leo ó aon fhorbairt ar leith a léiriú. Cuireann an staidéar i láthair meastacháin do chúram leanaí, oideachas agus riachtanais spáis oscailte a eascraíonn as scéim aonair nó scéimeanna iolracha ag baint úsáide as samhaltú réamhaisnéise.

41

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1

Powered by