Fíor 10.15: Dugaí Tivoli – An Comhthéacs Reatha.
Cruthú áit
10.143 Ina dhiaidh sin, tá Straitéis Iompair Cheantar- Bhunaithe Dhuganna Tivoli (ABTA) dréachtaithe ag Comhairle Cathrach Chorcaí, lena n-áirítear straitéis iompair agus gluaiseachta comhtháite. In éineacht leis an dréachtstraitéis iompair seo, d’ullmhaigh Comhairle Cathrach Chorcaí Straitéis Uirbeach Dlúis agus Airde Foirgnimh Dugaí Tivoli (UDBHS). 10.144 Mar chuid de na próisis seo, bunaíodh 16 Phrionsabal Dearaidh agus Forbartha chun athghiniúint Dugaí Tivoli faoi láthair agus amach anseo a threorú sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Tá na prionsabail seo leagtha amach thíos, agus leanann siad orthu ag feidhmiú mar thagarmharcanna don athghiniúint i nDuganna Tivoli.
Sócmhainní Láithreáin
10.141 In 2019 choimisiúnaigh Comhairle Cathrach Chorcaí AECOM agus Butler\Camoranesi chun Creatphlean um Dhearadh Uirbeach agus Tírdhreacha (UDLFP) a dhéanamh do Tivoli, lena n-áirítear suirbhéanna agus anailís ar thacar saibhir sócmhainní an cheantair. Tugann Tábla 10.16 achoimre ar na príomhcheisteanna a eascraíonn as measúnú ar chumas forbartha Dugaí Tivoli. 10.142 Ag baint leasa as dea-chleachtas idirnáisiúnta maidir le hathghiniúint uirbeach, leagann an plean amach ordlathas áiteanna agus spásanna bunaithe ar shaintréithe an láithreáin agus an gá atá le dlúthfhás inchónaithe a sheachadadh. Soláthraíonn an obair an pointe tosaigh do go leor de na cuspóirí do Dhuganna Tivoli atá leagtha amach sa Phlean seo, lena n-áirítear anailís ar na láithreáin, an cumas chun tithe nua a sheachadadh, comharsanachtaí, poist, áiseanna pobail agus cultúrtha, bonneagar iompair, agus spásanna gníomhacha/éighníomhacha .
358
Powered by FlippingBook