Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Iompar agus Nascacht

10.146 Ar a laghad, ba cheart go soláthródh an straitéis treoir dearaidh shoiléir do: • Dugaí Tivoli a fhorbairt mar eiseamláir idirnáisiúnta d'athghiniúint inbhuanaithe cladach a chuireann lena suíomh uathúil. • Ordlathas de shráideanna gníomhacha, cois na farraige, spásanna poiblí, páirceanna agus spásanna ceangail • Leibhéil arda nascachta coisithe, rothaíochta agus iompair phoiblí bainte amach idir Tivoli, Lár na Cathrach, Dugaí na Cathrach agus an chathair agus an cuan níos leithne. • Cosaint agus feabhsú ar thírdhreach nádúrtha, oidhreacht agus taitneamhachtaí reatha an cheantair lena n-áirítear bithéagsúlacht mhéadaithe, bonneagar glas agus gorm agus comhtháthú chóras bainistíochta uisce an láithreáin. • Spásanna deartha le haghaidh caitheamh aimsire éighníomhach agus gníomhach lena n-áirítear: súgradh agus imeachtaí, oidhreacht, na healaíona agus cultúr. • Spásanna agus gníomhaíochtaí a bhaineann leas as oidhreacht mhuirí an cheantair. • Treoir deartha d'ábhair ardchaighdeáin, troscán sráide agus soilsiú a chruthaíonn spásanna agus sráideanna poiblí atá sábháilte, tarraingteach agus inúsáidte. • Sonraíochtaí maidir le bonneagar agus fóntais

Dréacht-Mheasúnacht Iompair Cheantarbhunaithe Dhuganna Tivoli (ABTA)

10.148 Tá Measúnú Iompair Cheantarbhunaithe (ABTA) dréachtaithe ag Comhairle Cathrach Chorcaí do Dhuganna Tivoli. Tá an Dréacht ABTA de réir Staidéar Iompair Cheantar Cathrach Chorcaí (CMATS) agus tá tuarascálacha tacaíochta ag gabháil leis. Ag teacht leis an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr, cuireann an Dréacht ABTA cur chuige nuálaíoch ar fáil a thugann tosaíocht do shiúl, do rothaíocht agus d’iompar poiblí mar na modhanna instincticiúla gluaiseachta laistigh de Dhugaí Tivoli agus an limistéar níos leithne .

10.149 Cuireann an Dréacht-ABTA prionsabal na

Forbartha Dírithe ar Iompar (TOD) i bhfeidhm trí sprioc sciar modha inbhuanaithe 70% a leagan amach. Tá an sprioc seo bunaithe ar chás-staidéir dea-chleachtais agus tá sé ag teacht leis an bhfís chun tús áite a thabhairt do shiúl, rothaíocht agus úsáid iompair phoiblí. Chun inseachadacht a chinntiú, rinneadh an sprioc a thástáil i gcoinne phlean gluaiseachta ABTA le linn na céime barrfheabhsaithe agus coigeartaithe. Is ionann an sprioc agus athrú céime i bpleanáil taistil inbhuanaithe i gCorcaigh, a éilíonn infheistíocht shuntasach i mbonneagar tacaithe ag bearta bainistíochta éilimh. 10.150 Tá ról ríthábhachtach ag TOD maidir le forbairt ísealcharbóin a chumasú. Soláthróidh stáisiún traenach lárnach nua a fhreastalaíonn ar an limistéar iomlán, seirbhísí ardmhinicíochta chuig/ó láithreacha fostaíochta straitéiseacha i Lár Chathair Chorcaí, an tOileán Beag agus Carraig Thuathail. Soláthróidh dorchla lárnach bus, arna sheachadadh faoin gclár BusConnects, seirbhísí ardmhinicíochta go Lár Chathair Chorcaí, UCC, MTU agus an chathair níos leithne. Neartóidh an féarbhealach cois uisce, agus bealaí siúil agus rothaíochta eile a nascann an stáisiún agus dorchla bus lárnach, féidearthachtaí idirmhalartaithe.

seirbhíse a chur faoin talamh, bainistíocht dramhaíola, teicneolaíochtaí cliste agus logainmneacha .

10.147 I measc na bpríomhcháipéisí beartais eile tá:

• Straitéis Iompair Cheantar Cathrach Chorcaí (CMATS) 2040 • Tivoli UDBHS (2021) • Staidéar ar Bhonneagar Glas agus Gorm Chathair Chorcaí (2021) • Treoirlínte ar Fhorbairt Chónaithe Inbhuanaithe i gCeantair Uirbeacha • An Lámhleabhar Dearaidh Uirbigh • Tithíocht Ardchaighdeáin agus Pobail Inbhuanaithe – Treoirlínte Dea-Chleachtais • An Lámhleabhar Dearaidh do Shráideanna agus Bóithre Uirbeacha • An Straitéis Náisiúnta Míchumais.

363

Powered by