Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Cuspóirí na gCeantar Straitéiseacha Comhdhlúthaithe agus Athghiniúna

3. Dugaí Tivoli

Athlonnú Pleanáilte Dugaí Tivoli

Pleanáil Athghiniúint Dugaí Tivoli

Ullmhófar na pleananna agus na straitéisí seo a leanas i gcomhaontú le Comhairle Cathrach Chorcaí roimh athnuachan Dugaí Tivoli: a. Réimse Poiblí agus Straitéis um Chruthú Áite; b. Straitéis Seachadta don Tithíocht, don Phobal agus don Chultúr; c. Straitéis Bonneagair Ghlais agus Ghorm; d. Plean Díshalaithe agus Feabhsúcháin; e. Céimniú, Bonneagar agus Plean Seachadta; f. Straitéis Rialachais, Airgeadais agus Mhaoinithe. Tabharfar aghaidh go hiomlán ar na srianta pleanála agus acmhainne a aithníodh maidir le hathghiniúint Dugaí Tivoli sa phlean seo sula ndéanfar aon fhorbairt ar thailte Shraith 2 laistigh den láithreán (2.4 heicteár lastoir den láithreán a sheachadadh ).

Féachfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí le ról Chalafort Chorcaí a chosaint mar shócmhainn straitéiseach lena mbaineann tábhacht náisiúnta le linn a athlonnaithe leanúnaigh ó Dhugaí Tivoli go láithreacha eile laistigh de Chuan Chorcaí .

Tivoli: Athruithe Sealadacha agus Mionathruithe agus Breisithe

Ag aithint gur cuspóir fadtéarmach é an athghiniúint, ceadaítear athruithe sealadacha agus mionathruithe agus breisithe ar úsáidí reatha nach gcuireann isteach ar na cuspóirí fadtéarmacha athghiniúna atá leagtha amach sa phlean seo faoi réir gnáthbhreithnithe pleanála.

381

Powered by