Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Meicníochtaí Seachadta Tivoli Tá Comhairle Cathrach Chorcaí tiomanta

Láithreáin Tivoli Seveso, Dí-éilliú agus Feabhsúchán Ullmhófar agus aontófar Plean Díshalaithe agus Feabhsúcháin le Comhairle Cathrach Chorcaí roimh athnuachan Dugaí Tivoli. Áireoidh an straitéis seo imscrúdú, measúnú agus mapáil iomlán ar na tailte go léir laistigh den láithreán. Áireofar sa phlean freisin comhairliúchán leis an bhFeidhmeannacht Sláinte agus Sábháilteachta (FSS), Comhairle Cathrach Chorcaí agus príomhpháirtithe leasmhara eile chun athlonnú agus díchoimisiúnú sábháilte suíomhanna gníomhacha Seveso atá suite laistigh de Dhugaí Tivoli a chinntiú .

d'athghiniúint na nDugaí Tivoli go fadtéarmach mar scéim dea-chleachtais idirnáisiúnta um athnuachan cois farraige. Agus é seo á bhaint amach, féachfaidh an Chomhairle le breithmheas a dhéanamh ar indéantacht meicníochtaí seachadta, amhail an próiseas SDZ nó meicníochtaí iomchuí eile, chun athghiniúint inbhuanaithe fhadtéarmach a chomhordú go rathúil .

Bonneagar Cumasaithe a Phleanáil Tivoli Beidh pleanáil an bhonneagair chumasúcháin do Tivoli ina phríomhthasc le linn thréimhse an Phlean seo. Tá anailís mhionsonraithe bhreise ag teastáil chun suíomh agus dearadh cuí an phríomh- bhonneagair a chinneadh, lena n-áirítear an stáisiún traenach nua agus an bealach isteach thoir nua agus a chomhtháthú le Scéim Uasghrádaithe Acomhal Dhún Citeal. Agus an bonneagar sin á phleanáil agus á seachadadh, leanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí de bheith ag plé le príomhsholáthraithe bonneagair (lena n-áirítear an NTA, Iarnród Éireann agus TII) chun a chinntiú go gcloítear le caighdeáin reachtúla deartha, pleanála, sábháilteachta agus bainistíochta tráchta agus cosaintí .

Céimniú Tivoli, Bonneagar agus Seachadadh

Ullmhófar agus aontófar Plean Céimnithe, Bonneagair agus Seachadta le Comhairle Cathrach Chorcaí chun athghiniúint Dugaí Tivoli a threorú agus áireofar leis na sonraí seo a leanas: a. Plean Céimnithe agus Plean Seachadta Úsáide Talún b. Plean Seachadta Bonneagair Iompair c. Staidéar Féidearthachta Mol Soghluaisteachta d. Staidéar Féidearthachta Téimh Dúiche.

383

Powered by