Ról Aerfort Idirnáisiúnta Chorcaí a. Aitheantas a thabhairt d’Aerfort Chorcaí mar thiománaí eacnamaíoch ríthábhachtach agus mar fhostóir mór sa Chathair agus ag an am céanna ag cosaint a chroífheidhm oibriúcháin mar an príomh-aerfort idirnáisiúnta i réigiún an Deiscirt trí dhearadh ardchaighdeáin a chur chun cinn agus timpeallacht ardchaighdeáin a chruthú a léiríonn a stádas mar tairseach idirnáisiúnta chuig Réigiún an Deiscirt. b. Foráil a dhéanamh do rochtain fheabhsaithe ó thaobh na talún go príomha le haghaidh iompar poiblí agus bainistiú gníomhach ar úsáid talún na gceantar seo agus na limistéar ar thaobh an aeir chun díriú ar na riachtanais reatha agus chun freastal ar riachtanais fáis an Aerfoirt amach anseo mar thosaíocht réigiúnach. .
Forbairt ar Pháirc Ghnó Aerfoirt bhreise Cead a thabhairt do thionscal oifigbhunaithe nó do thionscadail a bhaineann le turasóireacht óna dteastaíonn suíomh Aerfort, seirbhísí a thrádáiltear go hidirnáisiúnta, oifigí corparáideacha agus úsáidí atá comhlántach leo siúd atá i bpáirc gnó an Aerfoirt. Beidh pleananna Bainistíochta Tráchta agus Soghluaisteachta agus Iniúchadh um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) ag gabháil le gach togra den sórt sin, arna dhéanamh ag daoine inniúla go cuí, de réir Threoirlínte TII um Measúnú Tráchta agus Iompair.
390
Powered by FlippingBook