5. An Bhlarna
Daonra agus Tithíocht
Comhthéacs Áitiúil
10.230 Tá cáil idirnáisiúnta ar an mBlarna, atá suite 8km siar ó thuaidh ó lár chathair Chorcaí, mar gheall ar a caisleán, a timpeallacht tharraingteach agus carachtar stairiúil an tsráidbhaile. Tá lár an tseanbhaile suite timpeall ar chearnóg an bhaile, limistéar spáis oscailte i gcroílár an tsráidbhaile. 10.231 Tá Caisleán na Blarnan ar cheann de na hionaid turasóireachta is tábhachtaí in Éirinn le raon áiseanna a bhaineann le turasóireacht mar choimpléasc Óstán Blarney Woolen Mills, a bhfuil gné shuntasach siopadóireachta comparáide dírithe go príomha ar mhargaí nideoige turasóireachta.
10.232 Tá forbairt chónaithe dírithe go príomha ar an taobh thuaidh den sráidbhaile ar feadh Bhóthar Waterloo agus Bóithre an Stáisiúin agus Mhóin na gCaorach. Cé go bhfuil méadú tagtha ar luas na forbartha cónaithe le blianta beaga anuas, agus roinnt pócaí forbartha cónaithe ag teacht chun cinn, tá an Bhlarna taobh thiar de bhailte uirbeacha eile i gCathair Chorcaí i dtéarmaí gníomhaíochta tógála agus fás daonra go príomha mar gheall ar shrianta bonneagair.
399
Powered by FlippingBook