Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Tuilte

Turasóireacht

10.241 Tá codanna den Bhlarna i mbaol tuilte. Leanann na ceantair atá i mbaol cosán Abhainn Shournagh, a ritheann ó dheas ón mbaile agus atá léirithe ar léarscáil na lonnaíochta. Taifeadadh roinnt teagmhais tuilte le teorainn forbartha na Blarnan le blianta beaga anuas.

10.245 Is tionscal suntasach í an turasóireacht sa Bhlarna mar go bhfuil ceann de na príomhnithe is díol spéise do thurasóirí in Éirinn, Caisleán na Blarnan. Braitheann an tionscal seo ar cháilíocht agus ar tharraingteacht oidhreacht thógtha agus nádúrtha an cheantair áitiúil. Tá sé tábhachtach mar sin nach gcuirfidh tionscnaimh fhorbartha sa todhchaí i gcóngaracht an Chaisleáin isteach ar acmhainn turasóireachta an bhaile agus go bhféachann siad go gníomhach leis an earnáil thábhachtach seo den gheilleagar áitiúil a fheabhsú . 10.246 Tá méadú tagtha ar an tairiscint turasóireachta le tamall anuas agus áirítear anois Teach na Blarnan agus an t- eastát agus na gairdíní níos leithne. Mar thoradh ar an bhfás seo, ní mór aird a thabhairt ar an tionchar a bheidh ag forbairtí beartaithe ar Chaisleán na Blarnan agus ar Eastát na Blarnan i gcoitinne. Níor cheart go gcuirfeadh forbairt sa todhchaí i gcóngaracht an Eastáit isteach ar charachtar tírdhreacha agus oidhreachta an cheantair a bhfuil an geilleagar turasóireachta áitiúil ag brath air.

Geilleagar agus Fostaíocht

10.242 In 2020, bhí 1,380 cónaitheoir na Blarnan i bhfostaíocht lánaimseartha, an chuid is mó acu ag taisteal chuig cinn scríbe lasmuigh den lonnaíocht. Tá 892 post laistigh den lonnaíocht, is ionann sin agus 0.89% de mhargadh post na Cathrach. Líontar 25.3% de na poist seo ón daonra áitiúil. Léiríonn na figiúirí seo glan-eis- sreabhadh de 488 post. 10.243 Tá fostaíocht agus gníomhaíocht eacnamaíoch sa Bhlarna dírithe faoi láthair ar na hearnálacha miondíola agus seirbhíse le béim ar thurasóireacht. Is díol spéise do thurasóirí iad Caisleán na Blarnan agus coimpléasc na Muilte Olla le chéile, ní hamháin i rith an tsamhraidh ach freisin le linn míonna an gheimhridh. Tá réimse forbartha tionsclaíochta agus gnó in aice le coimpléasc na Muilte Olla. 10.244 Chomh maith leis na húsáidí fostaíochta seanbhunaithe laistigh den bhaile, soláthraíonn Páirc Gnó na Blarnan atá suite 1 km soir ó thuaidh ón Blarnan, d’fhostaíocht i bhfoirm déantúsaíochta, lóistíochta agus an tSeirbhís Tástála Náisiúnta Gluaisteán. Tá fás mór tagtha ar an bpáirc seo le blianta beaga anuas agus tá sé ag a lánacmhainneacht. Foráiltear do leathnú ar an bPáirc Ghnó don Phlean seo. Mar gheall ar a shuíomh ar an dorchla iarnróid agus a chóngaracht do stáisiún traenach atá beartaithe, tá an cumas ag an láithreán freastal ar fhorbairtí suntasacha ginte fostaíochta.

401

Powered by