Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

6. Gleann Maghair

Iompar agus Nascacht

Réamhrá

10.279 Is baile líneach é Gleann Maghair atá suite lastoir de Chathair Chorcaí agus a chuimsíonn pobail Bhaile na hAbhann, Sallybrook agus Brooklodge. Tá oidhreacht thógtha shuntasach ag Gleann Maghair leis an droichead cloiche ag Baile na hAbhann agus iar- fhoirgnimh an mhuilinn. Mhéadaigh an baile le linn an 19ú hAois le monarchana olla agus muilte agus níos faide i rith an 20ú hAois, go príomha mar bhaile comaitéireachta go dtí an Chathair agus an tOileán Beag. Tá fána thuaidh ó dheas den chuid is mó ar an talamh agus Abhainn na Glas Buí (atá ina cuid de Limistéar faoi Chosaint Speisialta Chuan Chorcaí) ag rith trí chroílár an bhaile agus mótarbhealach an M8 mar an teorainn thoir .

10.281 Tá dúshláin ag baint le gréasán bóithre áitiúla i nGleann Maghair agus tá sé seo níos measa ag spleáchas ard ar charranna le 81% de dhaoine ag roghnú an ghluaisteáin phríobháideach chun taisteal chun na hoibre agus chun an oideachais. D’fhéadf adh sé seo feabhsú le bonneagar agus seirbhísí taistil ghníomhacha agus inbhuanaithe feabhsaithe. Ina measc seo tá bealaí feabhsaithe do choisithe agus do rothair, uasghrádú ar an ngréasán bus agus forbairt ar an bhféarbhealach molta in aice le hAbhainn na Glas Buí .

Fostaíocht

10.282 Lastuaidh de Ghleann Maghair, tá raon gnólachtaí ag Sallybrook agus ar an taobh theas den bhaile freisin. Tá fás fostaíochta sa todhchaí beartaithe lastuaidh de Ghleann Maghair ag Cill an Dínirt (tadhlach leis an M8 ag Acomhal 18 agus soir ó Chúirt an tSáirséalaigh). Mar gheall ar a shuíomh, meastar gur Suíomh Straitéiseach Fostaíochta é seo don Chathair. Tá tuilleadh sonraí i gCaibidil 7 ar Gheilleagar agus Fostaíocht .

Daonra agus Tithíocht

10.280 Tá daonra thart ar 9,903 duine ag Gleann Maghair, agus thart ar 38% faoi 25 bliain d’aois. Tá 13.4% den daonra ag leibhéal na réamhscoile agus 14.9% den daonra ag leibhéal na luathscolaíochta. Tá míchumas ag 10% de na cónaitheoirí agus tá cónaí ar 2.5% i gceantar díothach .

409

Powered by