Caibidil 2 I Croístraitéis
Mar thoradh ar an gcaighdeán na beatha níos airde seo tá méadú ar líon na ndaoine atá ag iarraidh cónaí, staidéar, cuairt a thabhairt agus taithí a fháil ar an gcathair. 2.41 Léiríonn treochtaí le 20 bliain anuas daonra domhanda agus náisiúnta atá ag éirí níos uirbí. Tá an treocht seo i gCathair Chorcaí le déanaí, agus tháinig méadú 19% ar an daonra a chónaíonn i lár na cathrach le linn tréimhse an daonáirimh deiridh (2011-2016). Bhí an fás seo ceithre huaire níos airde ná an ráta a tharla sa chathair níos leithne (+5%) agus tharla sé le linn tréimhse d’fhorbairt nua cónaithe an -íseal. Bíonn tionchar suntasach ag athruithe ar mhéideanna teaghlaigh ar fhás daonra. Thaifead Éire meánmhéid teaghlaigh de 2.75 i nDaonáireamh 2016. Thaifead Cathair Chorcaí MLT níos lú de 2.63 le difríochtaí suntasacha ag leibhéal na comharsanachta, sa raon ó 1.74 i S t Luke’s go 3.25 i Gort Phroinsias. Léiríonn Fíor 2.17 an raon agus an éagsúlacht i MLT ar fud na cathrach. 2.42 Tá measúnú mionsonraithe déanta i gComh- Straitéis Tithíochta Chorcaí agus Measúnú ar Riachtanias agus Éileamh Tithíochta (MRÉT) 2022-2028 chun cabhrú le hathruithe ar MLT amach anseo le linn thréimhse an phlean agus ina dhiaidh sin a thuar agus a phleanáil.
Leagann an straitéis amach sprioc meánmhéid teaghlaigh de 2.49 ar fud na cathrach do thréimhse an Phlean bunaithe ar mheánmhéid líon teaghlaigh athraitheach ó 2022-2028. 2.43 Is breithniú tábhachtach eile iad rátaí áitíochta agus pleanáil d’fhás daonra. Ag aon am ar leith, cuimseoidh an stoc tithíochta sa chathair aonaid áitithe agus neamháitithe araon. Rangaítear an chomhpháirt is mó d’ao naid neamháitithe mar fholamh. Léiríonn Fíor 2.18 conas a tháinig laghdú suntasach ar rátaí folúntais i gCathair Chorcaí sa tréimhse 2011 agus 2026. Tá na rátaí folúntais do thithe ag leibhéil i bhfad níos ísle ná na meáin Stáit, agus tá na rátaí folúntais d’árasáin ag leibhéal atá ard go himníoch. Chun críocha réamh-mheastacháin ar aghaidh glactar leis go bhfanfaidh an ráta áitíochta cónaithe i gCathair Chorcaí i 2028 mar a chéile le ráta 2016.
Meánmhéid Líon Teaghlaigh Cathair Chorcaí (2016)
3.50
3.11 3.02 2.99
2.88 2.72
3.00 2.50 2.00 1.50 1.00 0.50 0.00
2.72 2.63
2.63 2.63 2.75 2.55
2.08
Fíor 2.17: Meánmhéid Líon Teaghlaigh (MLT), Foinse: Daonáireamh 2016
47
Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook