Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Seirbhísí Miondíola agus Coimhdeacha 10.293 Níl spás urláir miondíola breise ag teastáil ón dTúr le linn thréimhse an Phlean agus leanfaidh an t-ionad siopadóireachta atá ann agus lár sráidbhaile Chloch Rua in aice láimhe mar phríomhshuíomh d’fhorbairt miondíola amach anseo agus beidh sé teoranta d’úsáidí áise ar scála beag i gcónaí.

Measann Plean Gréasán Rothaíochta Chorcaí go bhfuil an sreabhadh éilimh amach anseo do rothaithe comaitéir eachta measartha íseal don Túr. D’fhéadfadh idir 50-60 rothaithe úsáid a bhaint as na príomhchonairí chuig agus ón gCathair. Mar sin féin meastar go mbeidh buntáistí suntasacha fóillíochta agus taitneamhachta le baint as naisc fheabhsaithe rothaíochta a sholáthar go dtí an Bhlarna. Tá sé beartaithe an Túr agus an Bhlarna a nascadh trí bhealach féarach roinnte, chomh maith le gréasán de bhealaí rothaíochta a sholáthar laistigh de lár an bhaile chun rochtain ar scoileanna agus príomhchinn scríbe eile a fheabhsú. Tá bealaí idiruirbeacha molta freisin, a sholáthróidh nasc ón Túr agus ón mBlarna go Lár Chathair Chorcaí. Táthar ag súil gur rothaithe turasóireachta agus fóillíochta a bheidh i gcuid mhór den trácht rothaíochta amach anseo go dtí an Blarnan agus an Túr agus uaidh .

Oideachas

10.294 Tá bunscoil amháin, suite sa Chloch Rua a fhreastalaíonn ar an Túr. Tá na meánscoileanna is cóngaraí sa Bhlarna agus i mBaile an Chollaigh. Tá 530 dalta ar an rolla faoi láthair ag Scoil Náisiúnta Chloch Rua le 45 ball foirne teagaisc agus coimhdeachta. Beidh acmhainn na scoile seo faoi láthair agus amach anseo ina fhachtóir cinntitheach i líon agus céimniú gach forbairt tithíochta amach anseo . Caitheamh Aimsire agus Spás Oscailte 10.295 Comhlánaíonn an Bhlarna agus an Túr a chéile maidir le háiseanna spóirt. Tá na príomh- áiseanna imeartha ag Blarney United AFC i dTúr. Tá Club Gailf agus iar-choimpléasc óstáin suite i gCúlchríoch na Cathrach soir ó thuaidh ón mbaile freisin. Tá páirc bheag áitiúil i lár an Túir. 10.296 D’fhéadfadh nach mbeadh gá le hinfheistíocht shuntasach i mbonneagar sóisialta ar mhórscála de bharr scála an fháis sa daonra a shamhlaítear ach tá gá le feabhas a chur ar cháilíocht na beatha do chónaitheoirí reatha trí shaoráidí pobail feabhsaithe a sholáthar i bhfoirm saoráide cultúrtha, b’fhéidir a sholáthrófar i gcomhpháirt leis. na Blarnan, áiseanna feabhsaithe do choisithe agus rothaíochta easbhóthair, cosáin fheabhsaithe agus áiseanna feabhsaithe súgartha do leanaí. Déanfar scrúdú freisin ar naisc fheabhsaithe le Kerry Pike agus Baile an Chollaigh le linn shaolré an Phlean seo.

Geilleagar agus Fostaíocht

10.292 Tá feidhm fostaíochta an Túir teoranta. In 2020 bhí 1,762 cónaitheoir Túr i bhfostaíocht lánaimseartha agus an tromlach mór ag comaitéireacht chuig cinn scríbe lasmuigh den bhaile. Tá 426 post sa bhaile, sin 0.42% de mhargadh post na Cathrach, líontar 35% de na poist seo ón daonra áitiúil. Léiríonn na figiúirí seo glan-eis-sreabhadh de 1,336 post.

413

Powered by