Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Cuspóirí Bruachbhailte na Cathrach

9. Baile Uí Mhaoláin Thoir agus Thiar

Limistéir Leathnaithe Bhaile Uí Mhaoláin Thoir agus Thiar Tacú le dlúthfhás agus forbairt Cheantair Leathnaithe Bhaile Uí Mhaoláin Thoir agus Thiar mar limistéir straitéiseacha chomhdhlúthaithe agus leathnaithe na Cathrach, mar atá aitheanta sa Chroí-Straitéis. Déanfar gach forbairt a dhearadh, a phleanáil agus a sheachadadh ar bhealach comhordaithe agus céimnithe, ag úsáid leagan amach agus meascán úsáidí atá mar chuid de chomharsanacht atá ag teacht chun cinn atá comhtháite leis an limistéar níos leithne .

Oideachas Bhaile Mhaoláin Oibreoidh Comhairle Cathrach Chorcaí leis an Roinn Oideachais agus le húinéirí talún chun suíomhanna scoile nua a aithint agus a sholáthar do Bhaile Uí Mhaoláin agus dá dhobharcheantar níos leithne .

Creatphlean Bhaile Uí Mhaoláin Oibreoidh Comhairle Cathrach Chorcaí le páirtithe leasmhara ábhartha chun Creatphlean a tháirgeadh chun tacú le fás inbhuanaithe Bhaile Uí Mhaoláin agus plean úsáide talún comhleanúnach agus comhordaithe a sholáthar do Bhaile Uí Mhaoláin agus an ceantar máguaird.

419

Powered by