Cuspóirí Bruachbhailte na Cathrach
10. An Linn Dubh / Cill Barra
Plean Athghiniúna Ionad Comharsanachta na linne Duibhe Cuirfidh Comhairle Cathrach Chorcaí Plean le chéile chun Ionad Comharsanachta na linne Duibhe a athnuachan. Beidh soláthar comhordaithe seirbhísí, bonneagair, meascán úsáidí talún, iompar agus soghluaisteacht, dearadh uirbeach ardchaighdeáin agus forbairt an fhearainn phoiblí mar chuid den chreat iomlán .
Ceantar Leathnaithe na linne Duibhe / Chill Barra Tacú le dlúthfhás agus forbairt Cheantar Leathnaithe na Linne Duibhe/Chill Barra mar limistéar straitéiseach leathnaithe na Cathrach, mar a shainaithnítear sa Chroí-Straitéis. Déanfar gach forbairt a dhearadh, a phleanáil agus a sheachadadh ar bhealach comhordaithe agus céimnithe, ag úsáid leagan amach agus meascán úsáidí atá mar chuid de chomharsanacht atá ag teacht chun cinn atá comhtháite leis an limistéar níos leithne.
Creatphlean na Linne Duibhe/Chill Barra Cuirfidh Comhairle Cathrach Chorcaí Creatphlean ar fáil d’fhorbairt cheantar na li nne Duibhe/Chill Barra. Beidh soláthar comhordaithe seirbhísí, bonneagar, meascán úsáidí talún, iompar agus soghluaisteacht, dearadh agus forbairt uirbeach ardchaighdeáin mar chuid den chreat iomlán.
421
Powered by FlippingBook