21. Gleann Maghair Uachtarach
10.345 Tá Gleann Maghair Uachtarach suite laistigh den Chúlchríoch soir ó thuaidh ón Linn Dubh / Cill Barra agus an Chrois Bhán. Tá an sráidbhaile ardaithe le talamh ag titim ó dheas. Tá forbairt chónaithe shuntasach déanta ag Ros Ard. I measc na seirbhísí tá bunscoil, halla, ionad aclaíochta, séipéal agus teach tábhairne. Is í an fhís do Ghleann Maghair Uachtarach suas go dtí 2028 ná méadú beag ar dhaonra na lonnaíochta a chinntiú, seirbhísí agus áiseanna áitiúla a choinneáil agus a fheabhsú, braistint áite agus carachtar a chruthú, agus soláthar bonneagair agus naisc iompair phoiblí a neartú.
Is é daonra an tsráidbhaile ná 530 duine agus 156 teaghlach. Níor cheart go rachadh forbairt nua i nGleann Maghair Uachtarach thar thréimhse an Phlean thar an méid atá ceadaithe faoin gCroí-Straitéis. Tá an riachtanas seo ann chun spriocanna daonra réamh-mheasta a chomhlíonadh ach freisin chun ligean d’fhorbairt nua meas a léiriú ar scála, ar charachtar, ar phatrún agus ar ghrán na forbartha atá ann cheana féin.
22. Cúlchríoch Chorcaí
10.346 Ceantar mór de thalamh talmhaíochta den chuid is mó is ea Cúlchríoch na Cathrach a théann timpeall ar an gcuid tógtha de Chathair Chorcaí agus na bailte uirbeacha agus a fhoirmíonn roinnt feidhmeanna pleanála tábhachtacha. Feidhmíonn an cúlchríoch mar limistéar crios glas a chuireann cosc ar sraoilleáil na coda tógtha den chathair isteach sa tuath máguaird agus ag an am céanna a chosnaíonn carachtar agus sláine an cheantair thuaithe agus na mbailte, na sráidbhailte agus na lonnaíochtaí timpeall ar chodanna tógtha na Cathrach. 10.347 Is é príomhchuspóir an cheantair seo ná sainghné Chúlchríoch na Cathrach a chaomhnú go ginearálta le húsáid mar thalmhaíocht, taitneamhacht tuaithe, spás oscailte, úsáidí áineasa, bonneagar glas agus gorm agus chun bithéagsúlacht a chosaint agus a fheabhsú. Tá gníomhaíochtaí gnó a bhaineann leis an tuath a bhfuil gá léirithe acu le suíomh tuaithe ceadaithe freisin. Níor cheart go ndéanfadh aon fhorbairt a bhaineann lena leithéid d’ús áidí dochar do shainfheidhm agus do shaintréith Chúlchríoch na Cathrach . 10.348 I measc úsáidí eile atá le breithniú sa chrios seo tá forbairt fuinnimh in-athnuaite (tuirbíní gaoithe, feirmeacha gréine), úsáidí agus
áiseanna turasóireachta, ionaid garraíodóireachta agus plandlanna, reiligí agus úsáidí pobail agus cultúrtha, faoi réir fhorálacha eile an Phlean seo. 10.349 Tá ceantar Cúlchríche na Cathrach faoin tionchar uirbeach is láidre. Meastar go bhfuil thart ar 3,100 áit chónaithe faoi láthair i gCúlchríoch na Cathrach lasmuigh de Lár na Cathrach, na bruachbhailte, agus aon bhaile nó sráidbhaile uirbeach, a léiríonn daonra de thart ar 8,700 duine. 10.350 Ní dhéanfar tithíocht aonair i gCúlchríoch na Cathrach a éascú ach amháin nuair a chomhlíontar na cuspóirí agus na ceanglais maidir le tithíocht tuaithe atá leagtha amach i gCaibidil 3 Tithe agus Pobail a Sheachadadh. Ní mór do thithíocht a bheith bunaithe ar riachtanas tithíochta eisceachtúil faoin tuath agus ar na gnéithe lárnacha de riachtanas eacnamaíoch nó sóisialta inléirithe chun cónaí i gceantar tuaithe. Tá gnéithe eile lena n-áirítear critéir tsuímh agus dearaidh ábhartha freisin.
Powered by FlippingBook