Socraíochtaí a Chosaint
a. Féiniúlacht na mbailte agus na lonnaíochtaí a choinneáil, chun sraoilleáil a chosc, agus chun idirdhealú i gcarachtar a chinntiú idir ceantair thógtha agus an tuath oscailte trí shláine na Cúlchríche a chothabháil. b. Bainfear úsáid go ginearálta as na ceantair Chúlchríche atá suite i ngarchomharsanacht na mbailte agus na lonnaíochtaí le haghaidh úsáidí talmhaíochta, spáis oscailte nó caitheamh aimsire. I gcás ina bhfuil láithreáin Eorpacha (suímh Natura 2000 roimhe seo) laistigh den Chúlchríoch, cuirfear iad seo in áirithe le haghaidh úsáidí atá ag teacht lena n- ainmniúchán caomhnaithe dúlra. c. Cinntiú go gcosnaítear na bóithre isteach chuig bailte agus sráidbhailte ó fhorbairt mhíchuí a bhainfeadh ó shuíomh agus carachtar stairiúil na lonnaíochtaí seo, agus chun cosc a chur ar fhorbairt éadan líneach cois bóthair ar bhóithre ag dul amach as na bailte agus na sráidbhailte.
446
Powered by FlippingBook