10.354 Is éard is Suímh Forbartha Comharsanachta ann ná láithreáin a mheastar a bhfuil an poitéinseal acu leas áitiúil a sholáthar don chomharsanacht áitiúil agus gníomhú mar fhorbairtí catalaíoch, má fhorbraítear iad go cuí agus dá n-acmhainneacht. D’fhéadfadh go leor de na láithreáin seo leas a bhaint as bainistíocht gníomhach talún le linn thréimhse an Phlean. Léirítear na Láithreáin Forbartha Comharsanachta seo trí léarscáileanna inrochtana a chuimsíonn sonraí suímh agus sraith deilbhíní a mhínítear san eochair cur síos ar an deilbhín. Gach deilbhín léiríonn sé breithnithe sainsuímh ar chóir a chur san áireamh agus moltaí forbartha á ndréachtú do na láithreáin seo. Níl sna deilbhíní ach treoir (agus níl siad uileghabhálach) de na fachtóirí pleanála a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu agus iarratas pleanála á chur isteach.
10.355 Is iad na dlúis fhéideartha a chuirtear ar fáil ná an t- íosraon a fhaigheann eolas ón Straitéis um Dhlúis Uirbeacha, Airde Foirgnimh agus Foirgnimh arda. I bhformhór na gcásanna, spreagfar dlúis níos airde mar gheall ar shuíomh nó comhthéacs sonrach an tsuímh, e.g. cóngaracht do bhealaí iompair phoiblí. 10.356 Déanfaidh comhairliúcháin réamhiarratais leis an mBainistíocht Forbartha soiléiriú níos mine ar riachtanais láithreáin. Nuair a bhíonn láithreáin in aice láimhe ar fáil, is féidir iad seo a mheas mar chuid den fhorbairt iomlán. Beidh breithniú cúramach deartha ag teastáil ó gach ceann de na láithreáin seo chun na nithe seo a leanas a ionchorprú: 1. cruthú áite, 2. timpeallachtaí éasca, sábháilte agus fáiltiúla le bogadh thart, 3. taisteal inbhuanaithe agus gníomhach, agus 4. seirbhísí agus taitneamhachtaí áitiúla.
448
Powered by FlippingBook