Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Déanamh Áite & Prionsabail Uileghabhálacha

11.1 Soláthraíonn an Chaibidil seo treoir ar fhorbairt i gCathair Chorcaí agus leagann sé amach na caighdeáin cháilíochtúla agus chainníochtúla a ndéanfar measúnú ar thograí forbartha ina n-aghaidh. Tá sé ríthábhachtach forbairt den chaighdeán dearadh ailtireachta agus uirbeach is airde a chinntiú atá dírithe ar dhaoine agus athléimneach i leith athrú aeráide agus dúshláin eile. 11.2 Ba cheart go gcloífeadh tograí forbartha leis na cuspóirí criosaithe úsáide talún ábhartha atá leagtha amach i gCaibidil 12 Cuspóirí Criosaithe Úsáide Talún agus cuspóirí ábhartha eile atá leagtha amach sa Phlean Forbartha seo i gCaibidil 2-10.

11.3 Cé go mbaineann cuid de na caighdeáin agus den treoir a thugtar sa Chaibidil seo go sonrach le cineálacha áirithe forbartha, tá prionsabail agus cuspóirí uileghabhálacha ann a bhfuiltear ag súil go gcomhlíonfaidh gach togra forbartha iad. 11.4 Is féidir le Comhairle Cathrach Chorcaí, thar shaolré an Phlean seo, treoir bhreise maidir le cruthú áite agus bainistíocht forbartha a ullmhú chun an treoir sa Phlean seo a chomhlánú.

458

Powered by