Caibidil 2 I Croístraitéis
• Ag cur san áireamh nádúr amhantair na láithreán gan cead pleanála bailí i Lár na Cathrach agus sna Bruachbhailte, cuirtear toradh 50% i bhfeidhm chun leibhéil seachadta níos réalaíoch a ghabháil suas go dtí 2028; • I bhfianaise na srianta bonneagair atá sa chathair faoi láthair, cuirtear toradh 80% i bhfeidhm ar shuímh Shraith 2 gan cead pleanála bailí chun seachadadh níos réalaíoch a ghabháil suas go dtí 2028; agus • Maidir le Dugaí na Cathrach agus Dugaí Tivoli, cuirtear sainspriocanna aonaid i bhfeidhm bunaithe ar chuspóirí sprice daonra atá leagtha amach i gcaibidil 10 den phlean seo. 2.54 Tugtar cuntas ar an aschur aonaid ó gach cead pleanála atá ar marthain faoi láthair sa Tábla Straitéise Fáis (Tábla 2.3). Go ginearálta bíonn dlúis chónaithe níos ísle acu seo ná mar atá ceadaithe faoin bplean seo. Mar sin tá táirgeacht daonra ionchasach níos ísle ag Tábla na Straitéise Fáis ná mar atá leagtha amach sa Tábla Croí-Straitéise (Tábla 2.2), nuair a chuirtear an MLT de 2.49 i bhfeidhm. Tá an difríocht seo bunaithe ar na dlúis mhéadaithe a bhfuiltear ag súil leo ar láithreáin a bhfuil cead pleanála ar marthain acu. Bainfear é seo amach trí cheadanna pleanála a bhronnfar amach anseo de réir na gcuspóirí atá leagtha amach sa phlean seo. 2.55 Léiríonn an Léarscáil Straitéise Fáis freisin catagóirí pleanála do cheantair éagsúla laistigh de Chathair Chorcaí chun a ról i seachadadh na croístraitéise a léiriú. Déantar plé níos mine ar na catagóirí seo i dTábla 2.5, agus i gCaibidil 10 den phlean seo: 1. Comhdhlúthú agus Athghiniúint Lár na Cathrach: Athghiniúint agus comhdhlúthú Lár Chathair Chorcaí ag díriú ar sholáthar meascán níos leithne úsáidí chun beogacht agus gníomhaíocht a fheabhsú. 2. Athghiniúint Straitéiseach: Athghiniúint Cheantar Dugaí Chorcaí mar thionscadal de thábhacht idirnáisiúnta le cumas a bheith ina eiseamláirí do mhaireachtáil inbhuanaithe uirbeach. 3. Limistéir Leathnaithe na Cathrach: Comhdhlúthú agus leathnú seacht gceantar straitéiseacha mar chomharsanachtaí nua, laistigh den chathair atá ann cheana féin agus in aice leis.
2.50 Soláthraíonn Léarscáil agus Tábla na Straitéise Fáis atá leagtha amach i bhFíor 2.21 agus Tábla 2.3, sonraí ar leibhéal an láithreáin maidir leis na leithdháiltí fáis atá leagtha amach sa Chroí-Straitéis. Tá an léarscáil agus an tábla ag teacht leis an riachtanas tithíochta measta sa todhchaí i gComhstraitéis Tithíochta Chorcaí agus sa Mheasúnú ar Riachtanais agus Éileamh Tithíochta (MRÉT). 2.51 De réir Cuspóir Beartais Náisiúnta 72(a) den CNP, déanann an léarscáil agus an tábla idirdhealú idir láithreáin Shraith 1 agus Sraith 2. Is tailte criosaithe iad láithreáin Shraith 1 a bhfreastalaíonn bonneagar fisiceach orthu faoi láthair. Is tailte criosaithe iad láithreáin Shraith 2 a mheastar a bheith inseirbhísithe ag bonneagar fisiceach laistigh de shaolré an Phlean seo. Cé nach ndíríonn cur chuige srathach an CNP ar bhonneagar pobail, tá sé seo ríthábhachtach i gcruthú comharsanachtaí inbhuanaithe agus clúdaítear go mion é i gCaibidil 3 Tithe agus Pobail a Sheachadadh. 2.52 Aithníonn an Plean seo freisin an tríú sraith talún - talamh forbartha straitéiseach níos fadtéarmaí - a theastaíonn thar thréimhse an Phlean seo chun uaillmhianta na Cathrach a bhaint amach maidir le spriocanna fáis 2040 a bhaint amach. Níl na tailte seo criosaithe mar meastar nach dócha go ndéanfar freastal orthu le linn tréimhse shaolré an Phlean seo. Aithnítear na tailte seo mar shuíomhanna straitéiseacha fadtéarmacha a dteastaíonn pleanáil fhadtéarmach agus seachadadh seirbhíse uathu. Aithnítear iad chun bainistiú gníomhach talún a chinntiú trí chosaint agus pleanáil straitéiseach a dhéanamh don fhás níos fadtéarmaí a theastaíonn chun spriocanna uaillmhianacha fáis an CNP a bhaint amach. Ar na cúiseanna seo níl na tailte forbartha straitéiseacha níos fadtéarmaí seo san áireamh sa Chroí-Straitéis chun críocha ríofa. Sonraíonn Tábla 2.4 suíomh agus candam na dtailte forbartha straitéiseacha níos fadtéarmaí laistigh den chathair. 2.53 Tá na torthaí aonaid ionchasacha atá leagtha amach sa Tábla Straitéise Fáis thíos bunaithe ar na nithe seo a leanas: • Meánmhéid Líon Teaghlaigh (MLT) de 2.49, ag teacht leis an Straitéis Tithíochta; • Maidir le láithreáin a bhfuil cead pleanála bailí acu, cuirtear líon na n-aonad a deonaíodh i bhfeidhm; • Maidir le láithreáin nach bhfuil cead pleanála bailí acu, cuirtear i bhfeidhm na dlúis atá leagtha amach i staidéar Dlús Uirbeach agus Airde Foirgnimh Chathair Chorcaí; • I gcás nach bhfuil aon chead pleanála bailí, tá asbhaint chomhlán go glan de 25% d’achar an láithreáin curtha i bhfeidhm chun soláthar bóithre, spás oscailte, áiseanna pobail, srl a cheadú;
4. Láithreáin Forbartha Comharsanachta: Suímh tearcúsáidte atá tábhachtach go háitiúil
le cumas úsáidí athghiniúna measctha a sheachadann comharsanachtaí insiúlta.
50 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook