Bruachbhailte Istigh Uirbeach
11.38 Tá roinnt limistéar inaitheanta a thagann faoin gcatagóir Bruachbhailte Istigh Uirbeach mar seo a leanas:
1. An Tuaisceart Uirbeach
Cuimsíonn sé ceantair An Ghleanna, Crois an Dillon, Baile Uí Mhaoláin agus Gort na Maighdine agus cúlchríoch an Chuarbhóthar Thuaidh R635 a leanann go scaoilte ais Abhainn an Ghleanna.
2. Tivoli
Mórcheantar dugthailte tionsclaíochta suite timpeall 2.5 km soir ón gcathair le nascacht mhaith le Bóthar Ghleann Maghair Íochtarach N8. Tionscadal mór athghiniúna a bheidh anseo agus comharsanacht chónaithe ilchineálach nua suas go dtí 2040.
3. Baile an
Ceantar fo-uirbeach seanbhunaithe stairiúil na Cathrach a mbeidh an tionscadal Iarnród Éadrom beartaithe ag freastal air.
Teampaill agus An Charraig Dhubh
4. Dubhghlas
Bruachbhaile níos mó le carachtar sráidbhaile ag freastal air ag dhá ionad siopadóireachta móra agus naisc iompair phoiblí mhaithe leis an gCathair.
5. Conair Bhóthair Ceangail Theas
Cuimsítear pobal Turners Cross agus eastáit mhóra tionsclaíochta ag Bóthar na Trá Móire. Is é an Nascbhóthar Theas an príomhnasc bóthair idir Lár na Cathrach agus Aerfort Idirnáisiúnta Chorcaí.
6. Conair Thiar Theas
Limistéar fairsing a chuimsíonn Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, An Tóchar, Wilton, Bóthar an Ghlaisín agus Bóthar Magazine agus Ospidéal Ollscoile Chorcaí.
7. Iarthuaisceart
Ag síneadh ó Achadh an Aonaigh go Cnoc an Chuilinn tá an ceantar seo dírithe ar roinnt tionscnamh athghiniúna.
8. An Linn Dubh Thuaidh
An síneadh thuaidh ar chonair an N20 níos faide ná an Linn Dubh a chuimsíonn an ceantar tionsclaíochta lastuaidh den lár agus na ceantair chónaithe ar an taobh thiar den N20.
9. Baile an Chollaigh Láir
Lárionad mór ceantair siar ó Chathair Chorcaí agus go luath chun leas a bhaint as nascacht iompair phoiblí feabhsaithe le tionscadal Iarnród Éadrom Chorcaí le seirbhísí rialta a sholáthar don Chathair agus do Mhachan.
10. na Blarnan
Sráidbhaile stairiúil le raon maith de sheirbhísí pobail agus a fhreastalaíonn ar bhealaí iomadúla bus.
468
Powered by FlippingBook