Ba cheart méid an áitribh a theorannú don mhéid atá riachtanach ar bhonn riachtanais agus mar sin ba cheart é a theorannú do theaghlach an iarratasóra tráth an iarratais. Ba chóir go mbeadh tithe cónaithe deartha le bheith insínte i gcéimeanna mar chuid de straitéis ailtireachta chun fás ar líon na dteaghlach a réamh-mheas . 11.134 Caithfidh dearadh, scála agus leagan amach a bheith ag aon fhorbairt nua tithíochta tuaithe atá measúil agus báúil do dhearadh agus leagan amach tithe tuaithe traidisiúnta. Níor cheart dearadh tithe cónaithe i stíl fo- uirbeach agus forbairtí ar scála mór nach bhfuil oiriúnach do cheantar tuaithe ó thaobh carachtair agus leagan amach a spreagadh.
11.131 I gcúinsí, nuair nach bhfuil gabháltas talún teaghlaigh oiriúnach chun teach a thógáil, féadfar breathnú ar ghabháltas in aice láimhe nuair nach mbeadh sé seo ag teacht salach ar Chuspóir 3.13 agus cuspóirí eile sa Phlean seo. Sa chomhthéacs seo is féidir ‘gabháltas talún in aice láimhe’ a fhorléiriú mar ghabháltais tadhlacha ach nach mó ná 0.4 km ó áit chónaithe teaghlaigh an iarratasóra ionchasaigh de ghnáth. Féadfar tograí a sháraíonn an t-achar 0.4 km a bhreithniú i gcúinsí eisceachtúla ar bhonn cás ar chás. Ní bheidh líon iomlán na dtithe laistigh den Chrios Glas Ceannchathartha, ar deonaíodh cead pleanála ina leith ón 15 Eanáir 2015 ar fheirm teaghlaigh nó aon ghabháltas aonair laistigh den cheantar tuaithe, níos mó ná dhá cheann de ghnáth. 11.132 Tá gabháltas talún le léirmhíniú mar atá leagtha amach faoi alt 3.54, agus tá ‘úinéirí talún’ le forléiriú sa chomhthéacs seo.. c. Daoine eile atá ag obair go lánaimseartha i slite beatha feirmeoireachta, foraoiseachta, uiscebhealaí intíre, nó muirí, ar feadh tréimhse níos mó ná seacht mbliana, sa cheantar tuaithe áitiúil ina n-oibríonn siad agus ina mbeartaíonn siad céad teach a thógáil dá mbuanchónaí; d. Úinéirí talún lena n-áirítear a mic agus a n- iníonacha ar mian leo céad teach a thógáil dá n-áitiú buan ar an ngabháltas talún a bhaineann lena bpríomháit chónaithe teaghlaigh ar feadh seacht mbliana ar a laghad roimh dháta an iarratais phleanála.
Foirgneamh Feirme Tuaithe d'athchóiriú
11.135 Áirítear sa chúlchríoch uirbeach go leor sócmhainní oidhreachta tógtha (tithe, iostáin agus foirgnimh feirme), cibé acu sainithe nó neamhshainithe, agus tá sé inmhianaithe a chaomhnú agus a fheabhsú agus úsáid inmharthana a sholáthar do na sócmhainní seo. Baineann tábhacht chultúrtha leo agus cuireann siad go mór le féiniúlacht agus le carachtar an tírdhreacha tuaithe. Cailleadh go leor díobh seo mar gheall ar thréigean agus faillí le blianta beaga anuas. Is í an chéad tosaíocht maidir le freastal ar riachtanas tithíochta ná sócmhainní oidhreachta tógtha tuaithe atá folamh / tréigthe a athúsáid ag baint úsáide as cur chuige caomhnaithe. Breathnófar ar shíntí orthu seo mar ‘fhorbairt chuma saithe’ chun caomhnú phríomhshócmhainn na hoidhreachta tógtha a chinntiú. Sa chás nach n- áirítear sócmhainní oidhreachta tógtha le hathchóiriú ar fheirm, breithneofar áitribh nua ar an gcoinníoll go n-úsáideann siad teanga ailtireachta na dteachíní feirme, na dtithe nó na bhfoirgneamh feirme traidisiúnta.
Teaghais Tuaithe - Dearadh Tithe
11.133 Tá dearadh tithe tuaithe tábhachtach chun carachtar tuaithe Chúlchríoch na Cathrach a chothabháil. Gintear tithíocht aonuaire sa chúlchríoch uirbeach go traidisiúnta agus bhí áitribh i bhfad níos mó ná mar a bheadh de dhíth (m.sh. +200 méadar cearnach ar an meán).
498
Powered by FlippingBook