Caibidil 11 I Déanamh Áite agus Bainistiú Forbartha
Breithneoidh gach togra forbartha miondíola an treoir atá sna ‘Treoirlínte Pleanála Miondíola d’Údaráis Phleanála’ agus sa ‘Retail Design Manual’ (RCPRÁ, 2012). Beidh ionaid chomharsanachta agus áitiúla nua faoi réir ag measúnú tionchair miondíola agus ba cheart go gcuimseodh siad scéimeanna ilúsáide, ag ionchorprú raon seirbhísí áitiúla, meascán ingearach úsáidí nuair is féidir, agus dearadh uirbeach ardchaighdeáin a oireann dá scála agus dá gcarachtar. . I dteannta le miondíol, féadfaidh ionaid seirbhísí cónaithe agus comhlántacha áitiúla a áireamh, mar chúram leanaí, oifigí miondíola, cógaslanna, sainchomhairleoirí leighis, tithe tábhairne, siopaí beaga, etc. , a dhéanfadh dochar d'fheidhm úsáide measctha nó cáilíocht dearaidh na scéime, ní cheadófar an fhorbairt go ginearálta. Beidh feidhm ag na prionsabail chéanna maidir le leathnú na n-ionad atá ann cheana féin, áit a bhfuil fás suntasach breise sa daonra beartaithe agus mar a léirítear i gCaibidil 7, nó maidir le hiarratais ar athrú úsáide aonad laistigh d’ionaid atá an n cheana.
Ba cheart do thograí freisin: 1. Breathnú ar chomhoiriúnacht le húsáidí tadhlacha; 2. Tacaíocht a fháil ó phlean taistil; 3. Cinntiú go bhfuil scála agus dearadh cuí ag comharthaíocht ionas go mbeidh siad ag teacht le carachtar an cheantair agus chun iomadú carnach comharthaí a sheachaint; 4. Áiseanna tiomnaithe bainistíochta/stórála dramhaíola a ionchorprú ar an láthair; 5. Deiseanna a uasmhéadú chun bearta maolaithe aeráide agus gníomhaíochta a ionchorprú i gcomhréir leis na Cuspóirí atá i gCaibidil 5 agus i gCaibidil 6.
Forbairt Eacnamaíoch na Tuaithe
11.178 Tacaítear le forbairt eacnamaíoch tuaithe, le nuálaíocht agus le fiontraíocht ach ní mór a bheith cúramach lena chinntiú nach mbíonn tionchair dhiúltacha shuntasacha ag tograí ar an timpeallacht ghlactha i dtéarmaí taitneamhachta cónaithe, gníomhaíocht eacnamaíoch, an comhshaol, bithéagsúlacht, iompar agus seirbhísí fóntais, ach gan a bheith teoranta dóibh. 11.179 Ba cheart go mbeadh dearadh ardchaighdeáin ag gach moladh forbartha a léiríonn, nó ag teacht le, carachtar an cheantair máguaird agus na forbartha agus na húsáidí mórthimpeall. Ba cheart go léireodh scála an togra suíomh tuaithe an láithreáin agus na srianta a bhaineann le hinrochtaineacht iompair phoiblí agus cáilíocht agus cumas an ghréasáin bóithre chun freastal ar fhiontar ar mhórscála. Miondíol Nua agus Forbairt Tráchtála Eile 11.180 Tá sé riachtanach go ndeartar forbairt miondíola nua ar ardchaighdeán agus ar scála cuí don ionad ina bhfuil sé suite (féach ‘Miondíol’ i gCaibidil 7 Geilleagar agus Fostaíocht).
Leaba agus Bricfeasta/Tithe Aíochta/Óstáin.
11.181 Tá gá le cead pleanála chun níos mó ná ceithre sheomra leapa i dteach cónaithe a thiontú ina bhunaíocht leaba agus bricfeasta, de réir Airteagal 10(4) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001 (arna leasú). Agus iarratais phleanála á gcinneadh le haghaidh úsáide nua agus le haghaidh athrú úsáide go leaba agus bricfeasta, teach aíochta, óstán nó brú i gceantair chónaithe, tabharfaidh an tÚdarás Pleanála aird ar na nithe seo a leanas : • Méid agus nádúr na saoráide; • An tionchar ar thaitneamhacht na gcónaitheoirí comharsanachta; • Caighdeán na cóiríochta d'áititheoirí beartaithe an áitribh; • Socruithe leordhóthanacha, sábháilte agus áisiúil a bheith ar fáil do pháirceáil agus seirbhísiú carranna; • An cineál fógraíochta atá beartaithe; • An tionchar ar struchtúir chosanta agus/nó limistéir chaomhantais .
509
Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook