Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 11 I Déanamh Áite agus Bainistiú Forbartha

Nuair is cuí, ba cheart go bhfeabhsódh tograí forbartha an gréasán bonneagair ghlais agus ghorm trí struchtúir nó bacainní iomarcacha ar bhealaí éisc a dhí-íosadh, a athbhréagnú nó a bhaint agus trí ghnáthóga cois bruach a fheabhsú.

11.218 Ba cheart go gcomhtháthódh tograí forbartha bearta bonneagair ghlasa agus ghorma chun buaic-sreafaí tuilte a fhritháireamh lena n-áirítear na roghanna seo a leanas : 1. Réitigh atá bunaithe ar an dúlra agus tionscnaimh “mall ar an sreabhadh”; 2. SuDS a ionchorprú chun rith chun srutha ó fhorbairtí reatha agus nua a theorannú; 3. Feabhsú bogaigh ar thuilemhánna; 4. Scéimeanna plandála agus tírdhreachtaithe crann dúchasach; 5. Díonta glasa agus ballaí glasa; 6. Buain uisce báistí agus boscaí uisce báistí; 7. Bainc nádúrtha, claí uisce agus cearnóga uisce; 8. Teicnící bainistíochta tuilte nádúrtha . Forbairt In aice le Conairí Sruthchúrsaí 11.219 Ba cheart go mbeadh tograí forbartha i dorchlaí sruthchúrsaí nó in aice leo: 1. Luach bithéagsúlachta an limistéir a chaomhnú atá faoi réir ag Measúnú Éiceolaíochta ag Éiceolaí atá cáilithe go cuí; 2. Gan líonadh talún, atreorú, lintéar nó athailíniú conairí abhann agus sruthán a bheith i gceist; 3. Gan tionchar diúltach a bheith aige ar shainghné agus ar chuma shainiúil an dorchla uiscebhealaigh agus ar shaintréithe agus gnéithe tírdhreacha an láithreáin aonair agus a chomhthéacs; 4. Limistéir bhogaigh a chosaint agus a fheabhsú; 5. I láithreacha móra forbartha nua, b’fhearr na gnáthóga bruachánacha atá ann a choinneáil agus a chosaint agus páirceanna a sholáthar i suíomhanna cois uisce chun na naisc fhéideartha idir tírdhreach, oidhreacht nádúrtha agus deiseanna áineasa a uasmhéadú. . 11.220 Ba cheart go n-ionchorpróidh tograí forbartha crios maolánach de mhéid cuí chun próisis abhann nádúrtha a chothabháil agus chun an comhshaol uisce a chosaint. Ba cheart féarbhealaí agus gormbhealaí laistigh den chrios cosanta a mheas ar bhonn cás ar chás, faoi réir coimircí agus measúnuithe iomchuí.

11.221 Ba cheart do thograí forbartha sruthchúrsaí a chosaint de réir “Pleanáil do Chúrs aí Uisce sa Cheantar Uirbeach” de chuid Iascach Intíre Éireann lena n - áirítear codanna bruachánacha aibhneacha agus sruthanna a chosaint, nuair is féidir, mar atá leagtha amach thíos. Cuirfear an fhorbairt atá ann faoi láthair san áireamh . 1. An crios cois srutha a chosaint, (laistigh de 15m de bhruacha abhann); 2. Úsáid a bhaint as an gcrios maolánach bruachánach seachtrach (>8m) chun rith chun srutha stoirme a chóireáil agus a laghdú; 3. Suaitheadh íosta ar an gconair 15-30m ón abhainn; 4. Deiseanna do chonairí abhann a fhiosrú le haghaidh rochtana agus úsáide mar thaitneamhacht áitiúil; agus 5. Stráicí maolánacha bruachánacha ar thalamh talmhaíochta a spreagadh .

519

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by