Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 2 I Croístraitéis

Cuspóirí le haghaidh Fás na Cathrach

2.57 Ag leanúint ar aghaidh ó Léarscáileanna agus Táblaí na Croí-Straitéise a chuirtear i láthair thuas, aithníonn an Tábla thíos na róil, na príomhshuímh agus na príomhspriocanna insoláthartha a bheidh ag an gCroístraitéis maidir le pleanáil talamhúsáide i gCathair Chorcaí a mhúnlú le linn thréimhse an Phlean seo:

Roinnt Príomh- Suíomhanna

Ceantar na Cathrach

Ról sa Chroí-Straitéis

Príomh Insoláthartha

Lár na cathrach a chomhdhlúthú agus a athghiniúint chun tacú lena ról mar chroílár bríomhar, beo agus oibre na cathrach agus an cheantair meitreo. Réimse níos leithne úsáidí fostaíochta, cultúrtha, foghlama agus pobail a sholáthar a mhéadaíonn beogacht agus gníomhaíocht. Níos mó tithe i limistéir úsáide measctha a spreagadh trí úsáidí cónaithe agus fostaíochta a mhéadú, go háirithe ar na hurláir uachtaracha. Meascán níos leithne úsáidí cultúrtha agus turasóireachta a spreagadh, lena n-áirítear oideachais siamsaíochta. Forbair ar scála agus foirm a léiríonn agus a thugann meas ar charachtar stairiúil lár na cathrach. Athnuachan céimnithe ar Dhugaí na Cathrach agus Dugaí Tivoli mar limistéir éadán le huisce inbhuanaithe ardchaighdeáin, ard-dlúis, úsáid mheasctha le ceathrúna uirbeacha nua agus tionscadail bhunathraithe ag feidhmiú mar chatalaíoch d'infheistíocht agus d'athghiniúint níos mó na Cathrach. Comhdhlúthú agus feabhsú trí mheascán d'úsáidí nua comharsanachta a sholáthar i láithreacha oiriúnacha tearcúsáidte. Tosaíocht a thabhairt do siúil, rothaíocht agus rochtain iompair phoiblí. Úsáidí, leagan amach agus dlúis a sholáthar a fheabhsaíonn an carachtar áitiúil atá ann cheana féin. Forbairt ardchaighdeáin inbhuanaithe atá dírithe ar iompar a sheachadadh in éineacht le bealaí bus ardmhinicíochta, an stáisiún comaitéireachta nua sa Linn Dubh (Cill Barra) agus bealaí tosaíochta rothaíochta agus siúil atá leagtha amach in SIMC.

Ceathrú An Pharáid Mhór

1. Ceathrú an Pharáid Mhór: Tionscadal Bhunathraithe. 2. Plean Gníomhaíochta um Athbheochan Lár Chathair Chorcaí -2025. 3. Treoir agus gníomhartha chun úsáidí urláir uachtaracha a mhéadú. 4. Cláir agus tacaíochtaí na láithreán Folamh agus Tréigthe a chur chun cinn. 5. Scoil Ghnó UCC ar Ché na hAontachta. 1. Dugthailte na Cathrach: Tionscadal Bhunathraithe. 2. Oifig Dugthailte Chorcaí a bhunú. 3. Bonneagar catalaíoch a sheachadadh. 4. Pleanáil agus bonneagar a chur chun cinn chun athnuachan a sheachadadh i nDugaí Tivoli.

Lár na Cathrach

Inlíonadh agus comhdhlúthú laistigh den lorg foirgnithe reatha.

Dugaí na Cathrach: Páirc na Muiríne, Cé Uí Chinnéide Dugaí Tivoli: Stáisiún traenach nua, éadan le huisce athdhéanta (2.5km), rochtain thoir nua, páirc lárnach nua agus mol cultúrtha cois uisce. Baile an Mhulláin, Machain An Linn Dubh / Cill Barra, Ceantar Athghiniúna na Ceathrú Thiar Thuaidh, Old Whitechurch Road. Suímh tearcúsáidte a athnuachan i gcomharsanachtaí atá ann cheana féin lena n- áirítear Baile na mBocht, Dúglas, An Ghráinseach, An Teamhair agus Wilton.

Dugthailte

Bruachbhailte na Cathrach

1. SIMC a sheachadadh 2. Creatphleananna don

Linn Dubh / Cill Barra, Baile Uí Mhaoláin agus Dúglas. 3. Pleananna gníomhaíochta do Shuíomhanna Forbartha Comharsanachta.. 4. Páirceanna Nua Cathrach

i mbruachbhailte an Oirthuaiscirt agus an Iarthuaiscirt.

56 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1

Powered by