Pleananna Taistil
11.233 Tá ‘Toolkit for School Travel’ curtha le chéile ag an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) a thugann treoir ar phleananna taistil scoile.
11.231 Is cáipéis é Plean Taistil a chuimsíonn straitéis chun úsáid carranna príobháideacha a laghdú go dtí agus ó láithreán forbartha, in éineacht le pacáiste beart chun an straitéis a chur i bhfeidhm. Tá siad ag teastáil tríd an bpróiseas pleanála do raon leathan úsáidí talún, lena n- áirítear cónaithe, miondíola, fostaíocht, oideachas, fóillíocht agus sláinte. Ní mór go mbeadh pleananna taistil ina ndoiciméid dhinimiciúla agus ina ndoiciméid éabhlóideacha a ndéantar monatóireacht agus athbhreithniú orthu ar bhonn rialta. Tá sonraí iomlána ar fáil in Pleananna Taistil don Ionad Oibre Éifeachtach a Bhaint Amach: Treoir d’Údaráis Áitiúla agus Pleananna Taistil don Ionad Oibre – Treoir do Chur i bhFeidhm; agus Toolkit for School Travel (an dá cheann arna bhforbairt ag an Údarás Náisiúnta Iompair). Leanann an Clár um Thaisteal Níos Cliste san Ionad Oibre, atá á bhainistiú ag an Údarás Náisiúnta Iompair, ag plé le roinnt fostóirí móra i gceantar Chorcaí maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm Pleananna Taistil don Ionad Oibre. 11.232 D’fhéadfadh go mbeadh Pleananna Taistil ag teastáil le haghaidh forbairtí nua: tá na tairseacha agus na fo- thairseacha do Phleananna Taistil liostaithe i dTábla 11.12 thíos. Is chun críocha treorach amháin iad seo, áfach. D’fhéadfadh go mbeadh forbairtí faoi bhun an scála tairsí a d’fhéadfadh leas a bhaint as Plean Taist il don Ionad Oibre agus a chinnfidh Comhairle Cathrach Chorcaí ag an gcéim réamhphleanála.
Páirceáil Gluaisteán & Rothar
Páirceáil Carranna
11.234 Tá ceantar na Comhairle Cathrach roinnte i gceithre chrios ar mhaithe le páirceáil a rialú, bunaithe ar inrochtaineacht gach ceantar ar ollthuras, rothaíocht agus siúl. Tá na caighdeáin pháirceála d'fhorbairtí cónaithe agus neamhchónaithe araon leagtha amach i dTábla 11.13. Is uaschaighdeáin iad na caighdeáin seo chun srian a chur ar ghiniúint turas cairr agus chun pátrúnacht taistil ghníomhach agus iompar poiblí a chur chun cinn .
Úsáid Talún
Ráiteas Plean Taistil don
Líon Táscach Post
Plean Caighdeánach Taistil don Ionad Oibre
Líon Táscach Post
Ionad Oibre
Oifig / Airgeadais
> 500 sqm
25-100
> 2,000 sqm
> 100
Miondíol / Siopaí
> 600 sqm
25-100
> 2,500 sqm
> 100
Tionscail
> 2,500 sqm
25-100
> 6,000 sqm
> 100
Fóillíocht
25-100
> 100 nó níos mó ná > 10,000 cuairteoirí go bliantúil
25-100
> 100 nó níos mó ná > 10,000 cuairteoirí go bliantúil
Ospidéil / Ionaid Leighis
Trádstóráil
> 2,500 sqm
25-100
> 10,000 sqm
> 100
Tábla 11.12: Tairseacha Plean Taistil don Ionad Oibre.
522
Powered by FlippingBook