Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 2 I Croístraitéis

Roinnt Príomh- Suíomhanna

Ceantar na Cathrach

Ról sa Chroí-Straitéis

Príomh Insoláthartha

Seachadadh céimnithe de shuímh straitéiseacha trí dhíriú ar fhás atá i gcomhréir leis an daonra reatha laistigh de na ceithre bhaile uirbeacha. Díreoidh gach forbairt na tosaíochtaí siúil, rothaíochta agus úsáid iompair phoiblí. Cur chuige úsáide measctha a chur i bhfeidhm maidir le príomhláithreacha tearcúsáidte a athnuachan. Úsáid a bhaint as raon dearaí agus dlúis a léiríonn agus a fheabhsaíonn carachtar aonair gach baile. Cead a thabhairt d’fhás inbhuanaithe na gCillíní, Gleann Maghair Uachtarach agus Paidhc na gCiarraíoch trí fhorbairt inlíonta, athfhorbraíochta nó ar imeall an ionaid laistigh de theorainneacha sainithe lonnaíochta. Ní mór forbairt bhreise a scrúdú i gcomhthéacs thréithe áitiúla agus comhshaoil an cheantair. Aon fhorbairt sa todhchaí a chothromú le riachtanais níos leithne Chathair Chorcaí chun fás dlúth agus patrúin iompair níos inbhuanaithe a bhaint amach. Caomhnú comhshaoil a chinntiú agus carachtar uirbeach agus tuaithe a choinneáil agus a fheabhsú. Tacófar le hAerfort Chorcaí ina ról mar thairseach idirnáisiúnta don Chathair, don Mórcheantar Uirbeach níos leithne agus don Réigiún Theas ó thaobh iompair, nascachta agus eacnamaíoch de.

Leathnú ar Bhaile an Chollaigh Theas (Maigh an Ghiolla Fhinn), Gleann Maghair Theas (Baile an Ghleanna).

1. Creatphleananna do Bhaile an Chollaigh

Bailte Uirbeacha

Theas agus do Ghleann Maghair Theas. 2. Pleananna oidhreachta don Bhlarna agus Teamhair. 3. Pleananna gníomhaíochta do phríomhláithreáin (Láithreáin Forbartha Comharsanachta). 4. Plean don seachadadh fadtéarmach. 1. Lár sráidbhailte comhdhlúite. 2. Spriocanna Fáis Inbhuanaithe a chur i bhfeidhm. 1. Forbairt inbhuanaithe Aerfort Chorcaí. 2. Forbairt inbhuanaithe ar líonraí bonneagair ghlais agus ghorm.

Deiseanna chun suíomhanna

tearcúsáidte a athúsáid laistigh de lár na mbailte.

Fás 10% laistigh de na trí lonnaíocht chúlchríche.

Lonnaíochtaí Cúlchríche

Aerfort Chorcaí, líonraí GBI, an pobal áitiúil.

Cúlchríoch na Cathrach

Tábla 2.6: Achoimre ar na Príomhchuspóirí d'Fhás na Cathrach

Straitéis Chúlchríoch na Cathrach

2.59 Léiríonn Fíor 2.23 agus Fíor 2.24 an chaoi ar tháinig méadú níos mó ar sraoilleáil uirbeach de bharr fhorbairt incriminteach tithe aonair i gCúlchríoch na Cathrach atá ag athrú tírdhreach agus carachtar an cheantair seo.

2.58 Tá Cúlchríoch na Cathrach timpeall ar lorg foirgnithe reatha Chathair Chorcaí, a bailte uirbeacha agus a lonnaíochtaí. Soláthraíonn a mhéid, a charachtar agus a nádúr roinnt feidhmeanna pleanála an-tábhachtacha: • Feidhmíonn sé mar chrios glas a choisceann sraoilleáil uirbeach isteach sa tuath máguaird; • Atá saibhir i mbithéagsúlacht, éiceolaíocht agus fiadhúlra; • Soláthraíonn sé raon luachmhar sócmhainní bonneagair glas agus gorm; • Cinntíonn sé sainghné tírdhreacha agus suíomh laistigh de Mórcheantar Uirbeach Chorcaí; agus • Cosnaíonn sé carachtar agus sláine na cathrach agus a bailte agus lonnaíochtaí uirbeacha.

57 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1

Powered by