Gníomhú ar son na hAeráide agus Bonneagar Comhshaoil
Fuinneamh in- athnuaite
Fuinneamh Gréine
11.247 Déanfar iarratais ar fhuinneamh in-athnuaite a mheas i gcomhthéacs bheartas reatha an rialtais agus cuspóirí beartais eile sa phlean seo lena n-áirítear tionchar amhairc, oidhreacht agus tionchair ar shuímh íogaire éiceolaíochta.
11.249 Tá an poitéinseal ag fuinneamh na gréine mar fhoinse glan fuinnimh spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus cabhrú le spriocanna athraithe aeráide ar astuithe gáis cheaptha teasa a bhaint amach. Go ginearálta spreagfar iarfheistiú foirgneamh atá ann cheana féin agus comhtháthú an bhonneagair ghréine i ndearadh foirgneamh nua . 11.250 Agus measúnú á dhéanamh ar aon iarratas pleanála d’fheirmeacha gréine, breithneoidh Comhairle Cathrach Chorcaí na forbairtí fuinnimh in-athnuaite seo ag cur san áireamh : 1. Aon treoir náisiúnta a dhéanfar amach anseo a fhoilsiú ar Fheirmeacha Gréine 2. Nádúr tírdhreacha an cheantair ina bhfuil an láithreán suite
Fuinneamh Gaoithe
11.248 Mar gheall ar nádúr tógtha limistéar feidhme Chathair Chorcaí den chuid is mó agus a chóngaracht do cheantair chónaithe, meastar go bhfuil an poitéinseal d’fhorbairt fuinnimh gaoithe ar scála mór an-teoranta agus mar sin níl sé oscailte go ginearálta lena bhreithniú. Mar sin féin, d’fhéadfadh go mbeadh poitéinseal ann d’fhorbairt fuinnimh ghaoithe ar mhionscála, a thacófar in áiteanna cuí. Agus measúnú á dhéanamh ar iarratais phleanála d’fhorbairtí fuinnimh gaoithe, tabharfaidh an tÚdarás Pleanála aird ar na Treoirlínte Forbartha Fuinnimh Gaoithe d’Údaráis Phleanála (2006), arna bhfoilsiú ag an RCORÁ, agus ar na Dréacht-Treoirlínte um Fhorbairt Fuinnimh Gaoithe (2019).
3. Tionchar amhairc 4. Glint agus Glare 5. Éiceolaíocht 6. Oidhreacht agus Seandálaíocht
7. Ceanglais slándála ar nós CCTV, soilse slándála, fálú 8. Tionchar tógála agus tionchar ar phatrúin draenála agus táblaí uisce 9. Oiriúnacht an eangach leictreachais agus rochtain uirthi 10. Díchoimisiúnú .
534
Powered by FlippingBook