Caibidil 2 I Croístraitéis
Féachfaidh an Chomhairle le seachadadh na dtionscnamh maoinithe straitéiseach a uasmhéadú amhail an Ciste Athghiniúna agus Forbartha Uirbeach (CAFU), an Ciste Bonneagair Áitiúil um Sheachadadh Tithíochta a Ghníomhachtú (CBÁSTG) agus an Ciste um Shuíomhanna le Seirbhís (CSS) a thacaíonn le húdaráis áitiúla chun príomhbhonneagar cumasúcháin a sholáthar. Féachfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí freisin le béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le dul i ngleic go gníomhach le haon bhac infrastruchtúir criticiúil, chun seachadadh tithíochta agus athnuachana ar phríomhláithreáin forbartha a luathú trí chuidiú le moilleanna ar sheachadadh fóntais a laghdú ar nós uisce, iompar, seirbhísí fuinnimh agus príomhbhonneagar eile seachadta ag soláthraithe náisiúnta seirbhíse.
2.60 Is é an príomhchuspóir do Chúlchríoch na Cathrach ná carachtar an cheantair go ginearálta a chaomhnú le húsáid mar thalmhaíocht, taitneamhacht tuaithe, spás oscailte, úsáidí áineasa, bonneagar glas agus gorm agus chun bithéagsúlacht a chosaint agus a fheabhsú. Leagann Caibidil 10 amach cuspóirí mionsonraithe chun na haidhmeanna seo a bhaint amach. An Chroístraitéis a Sheachadadh 2.61 Tacófar le seachadadh na Croí-Straitéise trí bhainistiú gníomhach talún, ag díriú ar fheidhmíocht intomhaiste de réir na gcuspóirí atá leagtha amach sa chuid seo. Aithneoidh Comhairle Cathrach Chorcaí tosaíochtaí agus dreasachtaí, lena n-áirítear roghanna airgeadais agus maoinithe ábhartha, chun cabhrú le dlúthfhás inchónaithe a sheachadadh. Comhoibreoidh Comhairle Cathrach Chorcaí le príomhpháirtithe leasmhara chun tacú le baint amach cuspóirí Croí- Straitéise. Ina theannta sin, déanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí monatóireacht ar sheachadadh an Phlean chun tacú le baint amach na gcuspóirí seo.
Láithreáin Straitéiseach a Mhaoiniú
2.64 Beidh acmhainní agus seachadadh struchtúr maoinithe ríthábhachtach chun athghiniúint na suíomh straitéiseach laistigh de Chathair Chorcaí a scaoileadh. I bhfianaise nádúr casta láithreáin uirbeacha a fhorbairt lena n- áirítear an meascán d’úinéirí talún atá i gceist, beidh gá le foinsí eile maoinithe agus le meicníochtaí nuálacha maoinithe. Méadaíonn an gá atá le soláthar tithíochta inacmhainne agus costas cíosa inacmhainne na dúshláin a bhaineann le meicníochtaí maoinithe cuí a dhearadh. 2.65 Ag féachaint ar na dúshláin seo, féachfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí le comhpháirtíochtaí oiriúnacha a chumasú a bhaineann leas as an saineolas airgeadais atá ann thar raon institiúidí a fhaigheann tacaíocht phoiblí, mar: an Ghníomhaireacht Forbartha Talún (GFT), Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN), an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS), an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe (GAT), Ciste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann (CISÉ) agus Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann (MTTÉ), i measc nithe eile. Beidh seachadadh athghiniúna uirbeach inbhuanaithe agus dea-chleachtais, lena n-áirítear leibhéil mhéadaithe de thithíocht inacmhainne, ina bhreithniú lárnach i ndearadh na meicníochtaí airgeadais seo.
Comhordú Feabhsaithe
2.62 Príomhaidhm de chuid Chomhairle Cathrach Chorcaí is ea cumas forbartha na gceantar fáis straitéiseach a aithníodh sa Chroí-Straitéis a díghlasáil. Teastóidh comhordú feabhsaithe idir geallsealbhóirí agus soláthraithe seirbhíse ó na láithreáin seo le fócas láidir ar bhonneagar cumasúcháin a sheachadadh. Chun tacú leis an aidhm seo, cuirfidh an Chomhairle cur chuige gníomhach um bhainistiú talún chun cinn a luathóidh forbairt na réimsí fáis straitéiseacha.
Maoiniú do Shuíomhanna Straitéiseacha
2.63 I gcomhpháirtíocht le ranna Rialtais, gníomhaireachtaí stáit agus soláthraithe seirbhíse, beidh ról gníomhach ag Comhairle Cathrach Chorcaí i gcumasú an fháis agus na forbartha atá leagtha amach sa Phlean seo.
59 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook