Caibidil 12 I Cuspóirí Criosaithe Úsáide Talún
ZO 5.4 Ní mór do thograí forbartha sa chrios seo a léiriú conas a bheadh meas ag an togra ar charachtar agus beogacht Lár na Cathrach, ag teacht le nádúr agus scála na forbartha, nó mar a léireodh nó a chuirfeadh sé leis. Caithfidh forbairtí timpeallacht uirbeach ardchaighdeáin agus fearann poiblí a sheachadadh le fócas ar inrochtaineacht agus tréscaoilteacht . ZO 5.5 Leagann Caibidil 10 Príomhcheantair Fáis agus Suímh Forbartha Comharsanachta amach sainchuspóirí forbartha do Lár na Cathrach.
Lárionaid Uirbeacha agus Bailte,
ZO5 Lár na Cathrach
ZO 5.1 Is í Cathair Chorcaí an príomhspreagthóir d’fhás eacnamaíoch agus daonra sa réigiún agus an dara cathair sa Stát. Is é Lár Chathair Chorcaí croí stairiúil, cultúrtha agus tráchtála Chorcaí agus an réigiúin agus tá a rathúlacht bunúsach do sheachadadh an Chreata Pleanála Náisiúnta agus do leas gheilleagar áitiúil agus eacnamaíoch na hÉireann i gcoitinne. Tá sé ríthábhachtach go leanann Lár na Cathrach ar aghaidh ag forbairt a róil mar phríomh-thiománaí geilleagrach an réigiúin agus go seasann sé in aghaidh na mbagairtí d’fholúntais, tréigean agus nádúr athraitheach an mhiondíola. Is é an príomhionad miondíola sa réigiún é, agus tá méadú suntasach tagtha ar dhaonra Lár na Cathrach le blianta beaga anuas . ZO 5.2 Is é príomhchuspóir an limistéir seo ná fás leanúnach eacnamaíoch, cathartha, cultúrtha agus cónaithe Lár na Cathrach a chur chun cinn, agus pobal uirbeach faoi bhláth a chruthú. Ceadaítear úsáidí a chomhlánaíonn príomhaíocht agus beogacht Lár na Cathrach sa chrios seo, agus ceadófar úsáidí miondíola comparáide laistigh den Phríomhlimistéar Miondíola a shainaithnítear i gCaibidil 10 Príomhcheantair Fáis agus Suímh Forbartha Comharsanachta agus Léarscáil 02 d’Imleabhar 2 Cuspóirí Léarscáilithe. Áirítear le príomhúsáidí sa chrios seo ach níl siad teoranta do mhiondíol, úsáidí cónaithe, úsáidí pobail, oifigí, óstáin, áiseanna cultúrtha agus fóillíochta, institiúidí agus áiseanna oideachais agus cúram sláinte, agus úsáidí a chuireann le beogacht agus éagsúlacht Lár na Cathrach. ZO 5.3 Ba cheart go mbainfeadh forbairtí úsáide measctha meascán ceartingearach agus cothrománach úsáidí amach. Úsáidí miondíola agus gníomhacha inghlactha eile a bheidh mar phríomhúsáid ag leibhéal na talún feadh na bpríomhshráideanna miondíola . Cuspóir Criosaithe 5: Forbairt an limistéir láir a chomhdhlúthú agus a éascú agus a ról mar ionad dinimiciúil úsáide measctha a chur chun cinn le haghaidh fás pobail, eacnamaíoch, cathartha, cultúrtha agus cónaithe.
ZO 6 Lár Bhaile Uirbeach
Cuspóir Criosaithe 6: Comhdhlúthú agus soláthar a dhéanamh d’fhorbairt agus d’fheabhsú lár na mbailte uirbeacha mar phríomhshuíomhanna d’fhás miondíola, eacnamaíoch agus cónaithe ilchineálach a fheidhmíonn mar fhócas do raon seirbhísí freisin.
ZO 6.1 Baineann an crios seo le ceantair lárnacha na
mórbhailte uirbeacha Baile an Chollaigh, na Blarnan agus Gleann Maghair. Tá carachtair agus cultúir ar leith ag na ceantair seo agus tá an-acmhainneacht acu cur le dlúthfhás inbhuanaithe Chathair Chorcaí. Leagann Caibidil 7 Geilleagar agus Fostaíocht amach cuspóirí breise do Lárionaid Bailte Uirbeacha . ZO 6.2 Is é príomhchuspóir an chrios seo ná na ceantair lár baile uirbeach atá ann a chomhdhlúthú agus a fhorbairt mar phríomhshuíomhanna le haghaidh úsáidí miondíola, eacnamaíocha, cónaithe, cultúrtha, pobail, fóillíochta, cathartha agus úsáidí gaolmhara eile. Beidh na príomhcheantair mhiondíola mar phríomhfhócas agus suíomh roghnaithe d'fhorbairt nua miondíola, a bheidh oiriúnach do scála agus feidhm gach ionaid. Spreagfar forbairt chónaithe go háirithe i bhforbairtí úsáide measctha.
545
Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1
Powered by FlippingBook