Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 12 I Cuspóirí Criosaithe Úsáide Talún

athchóiriú agus athúsáid iar-chríochfort le haghaidh úsáidí tráchtála a bhaineann le hAerfort; leathnú ar Óstán an Aerfoirt; leathnú ar áiseanna páirceála fadtéarmacha agus leathnú teoranta ar áiseanna páirceála foirne; críochfort bus/cóiste a thógáil; leathnú ar áiseanna tacsaí; suíomh sainithe carr ar cíos; stáisiún peitril in áit chuí, má athlonnaítear é, agus miondíol coimhdeach. Níl sé i gceist go mbeadh an liosta seo uileghabhálach agus breithneofar na forbairtí eile nach bhfuil liostaithe, faoi réir ag gnáthbhreithnithe pleanála agus comhshaoil .

ZO 20.3 Cuidíonn Cúlchríoch na Cathrach le hidirdhealú soiléir a choinneáil idir ceantair uirbeacha agus an tuath agus seachnaíonn sé an drochthionchar a bhíonn ag sraoilleáil uirbeach. ZO 20.4 Ní dhéanfar tithíocht aonair i gCúlchríoch na Cathrach a éascú ach amháin nuair a chomhlíontar na cuspóirí agus na ceanglais maidir le tithíocht tuaithe atá leagtha amach i gCaibidil 3 Tithe agus Pobail a Sheachadadh. Ní mór do thithíocht a bheith bunaithe ar riachtanas tithíochta eisceachtúil faoin tuath agus ar na gnéithe lárnacha de riachtanas eacnamaíoch nó sóisialta inléirithe chun cónaí i gceantar tuaithe. Tá gnéithe eile lena n- áirítear critéir tsuímh agus dearaidh ábhartha freisin .

aerfort

Bonneagar Aerfort Chorcaí

ZO 21

Cuspóir Criosaithe 21: Oibríochtaí Aerfort Idirnáisiúnta Chorcaí a chur chun cinn agus tacú leo.

ZO 21.1 Is é príomhchuspóir an limistéir seo ná úsáidí talún a chuireann chun cinn agus a thacaíonn le hoibríochtaí Aerfort Idirnáisiúnta Chorcaí a spreagadh, faoi réir ag gnáthbhreithnithe pleanála. ZO 21.2 Áirítear le húsáidí den sórt sin na nithe seo a leanas, ach níl siad teoranta dóibh: gníomhaíocht eitlíochta ginearálta; bonneagar aeriompair lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, leathnú an phríomhchríochfoirt lena n-áirítear saoráidí slándála breise agus feabhsaithe, geataí breise, leathnú ar shaoráidí lamháltais miondíola agus fóillíochta ar thaobh an aeir, agus leathnú teoranta ar shaoráidí lamháltais ar thaobh na talún; síneadh agus leathnú amach anseo ar rúidbhealaí agus naprúin lena n- áirítear ach gan a bheith teoranta do Limistéar Sábháilteachta Cheann an Rúidbhealaigh agus bonneagar eile a bhaineann le hoibríochtaí an rúidbhealaigh;

ZO 21.3 Tá sonraí breise ar Aerfort Idirnáisiúnta Chorcaí leagtha amach i gCaibidil 10 Príomhcheantair Forbartha agus Suímh Forbartha Comharsanachta.

552

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Imleabhar 1

Powered by