Caibidil 2 I Croístraitéis
2.68 Féachfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí freisin le bunachar sonraí Staidéir Acmhainne Chathair Chorcaí a oiriúnú agus a nuashonrú le húsáid mar chlár athfhorbraíochta uirbí agus talamh inlíonta chun críocha monatóireachta ar spriocanna fáis dhlúth an CNP. Bainfidh an bunachar sonraí seo úsáid as tacair shonraí spásúla ábhartha eile a úsáidtear go náisiúnta chun tacú le bainistiú gníomhach talún, le maoirsiú forbartha agus le monatóireacht. 2.69 I gcomhar le Tionól Réigiúnach an Deiscirt, déanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí athbhreithniú ar dhul chun cinn an Phlean Forbartha Cathrach trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na héifeachtaí comhshaoil a bhaineann le feidhmiú an phlean mar atá leagtha amach i dTuarascáil agus Ráiteas Timpeallachta an SEA.
Cur i bhFeidhm agus Monatóireacht
2.66 Déanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí monatóireacht ar sheachadadh na ngníomhartha agus na gcuspóirí atá leagtha amach sa Phlean seo chun tuiscint níos fearr a fháil ar a mhéid atá an Plean á chur i gcrích. Bogann an cur chuige seo i leith monatóireachta i dtreo foirm níos sai bhre d’athbhreithniú pleanála trí tháscairí intomhaiste a ionchorprú le haghaidh meastóireachta níos fearr, agus cabhróidh sé le Comhairle Cathrach Chorcaí riachtanais tuairiscithe reachtúla a chomhlíonadh lena n-áirítear an tuarascáil dhá bhliain ar dhul chun cinn (mar a cheanglaítear faoi Alt 15(2) den Acht) agus an tuarascáil do Thionól Réigiúnach an Deiscirt ina leagtar amach an dul chun cinn atá déanta chun tacú leis an SRSE (mar a cheanglaítear faoi alt 25A(1) den Acht). 2.67 Cé go dtógann cuspóirí polasaí pleanála go minic roinnt timthriallta plean chun iad a bhaint amach go hiomlán, soláthróidh monatóireacht ar sheachadadh agus ar fheidhmiú an Phlean seo an chéad chéim i dtreo thorthaí an phlean a mheasúnú, ag leanúint ar aghaidh trí Phleananna Forbartha Cathrach leantacha.
60 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook