Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Aguisín 1 I Toirt 1

Áiseanna Cúraim Leanaí: Treoirlínte d'Údaráis Phleanála DOELG (2001) agus Ciorclán an Aire(PL 3/2016 An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil) Tá na treoirlínte seo curtha i bhfeidhm i gCaibidil 3 Tithe agus Pobail a Sheachadadh.

Ráiteas Comhréireachta: Alt 28 Treoirlínte an Aire Leagann an Ráiteas Comhréireachta seo amach conas a chuir an Plean Forbartha seo polasaithe agus cuspóirí na dTreoirlínte Aireachta a eisíodh faoi alt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, i bhfeidhm. Is ceanglas reachtúil é ráiteas den sórt sin a chur i gceangal le plean forbartha faoi alt 28(1A) den Acht. Leagtar béim thíos ar na Treoirlínte Aireachta ábhartha leis an gceann comhfhreagrach. Measúnú Cuí ar Phleananna agus ar Thionscadail in Éirinn: Treoir d'Údaráis Phleanála DEHLG (2009) Tá na treoirlínte seo curtha i bhfeidhm in Aguisín 3 ‘Measúnú Cuí’ . Treoirlínte um Chosaint na hOidhreachta Ailtireachta d'Údaráis Phleanála (Athbhreithnithe 2011) Tá na treoirlínte seo curtha i bhfeidhm i gCaibidil 8 Oidhreacht, Ealaíona agus Cultúir agus Imleabhar 3 Cuspóirí Oidhreachta Tógtha.

Lámhleabhar Dearaidh do Bhóithre Uirbeacha agus Sráideanna DPGLG (2019)

Tá na treoirlínte seo curtha i bhfeidhm i gCaibidil 4 Iompar agus Soghluaisteacht agus Caibidil 11 Déanamh Áite agus Bainistíocht na Forbartha.

Ranníocaíochtaí Forbartha: Treoirlínte d'Údaráis Phleanála RCPRÁ (2013)

Déantar tagairt do na treoirlínte seo i gCaibidil 13 Cur i bhFeidhm, ach beidh Caibidil 2 Croí-Straitéis agus Caibidlí eile, lena n-áirítear inter alia Caibidil 4 Iompar agus Soghluaisteacht, Caibidil 9 Bonneagar Comhshaoil agus Caibidil 10 Príomhlimistéir Fáis agus Suímh Forbartha Comharsanachta, mar bhonn eolais le hullmhú na Ranníocaíochta Forbartha. Scéim(eanna) a luaithe a ghlactar leis an bPlean deiridh.

Dréachtphlean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 I Toirt 1

Powered by