Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 2 I Croístraitéis

An Chathair 15 Nóiméad Tacú le seachadadh Cathair 15 Nóiméad a thacaíonn le Dlúthfás Inchónaithe trí phobail áitiúla bhríomhara a chruthú ar féidir leo rochtain a fháil ar gach áis riachtanach laistigh de shiúlóid/rothaíocht 10-nóiméad agus rochtain a fháil ar ionaid oibre agus comharsanachtaí eile le turas iompair phoiblí 15 nóiméad. Áireofar leis an gcur i bhfeidhm comharsanachtaí insiúlta, bailte agus pobail le meascán úsáidí, cineálacha tithe agus tionachtaí a chothaíonn cathair éagsúil, athléimneach, uilechuimsitheach go sóisialta agus freagrúil. Áirítear leis sin tacaíocht do thionscadail agus do sheirbhísí bonneagair taistil phoiblí agus ghníomhacha agus tréscaoilteacht chomharsanachta feabhsaithe. Léireoidh bonneagar straitéiseach agus forbairtí ar mhórscála an chaoi a gcuireann siad le cathair 15 nóiméad agus mar a fheabhsaíonn siad inrochtaineacht Chathair Chorcaí.

Infheistíocht Réigiúnach Pacáistí infheistíochta isteach i gCeantar Cathrach Chorcaí a aithint agus a lorg ó shruthanna maoinithe Státchiste na hEorpa agus an Rialtais a chuidíonn le spriocanna daonra agus poist a sheachadadh, infheistíocht bunaithe ar bhonneagar agus cáilíocht áite a chur in ord tosaíochta.

Cathair Ísealcharbóin Meicníochtaí a chur i bhfeidhm chun tacú le cathair inbhuanaithe, carbóin níos ísle a sheachadadh, áit a seachnaíonn, a mhaolaíonn agus a oiriúnóidh an fhorbairt d’éifeachtaí an athraithe aeráide agus ag an am céanna ag cosaint agus ag feabhsú sócmhainní comhshaoil Chathair Chorcaí.

Cuspóirí Straitéiseacha Tosaíocht a thabhairt d’fhorbairt ceantar de réir na 9 gCuspóir Straitéiseacha (CS) den Chroí-Straitéis, mar atá leagtha amach i dTábla 2.1, lena n-áirítear ceantair atá agus/nó ar dócha go dtarlóidh forbairt nó athbheochan ar scála mór laistigh de thréimhse an phlean.

Meascán Úsáidí Tacaíocht a thabhairt do sholáthar meascán éagsúil d’úsáidí oiriúnacha a fheabhsaíonn líonra comharsanachtaí, bailte agus pobail Chathair Chorcaí mar áiteanna cónaithe, oibre, soláthar, cúram, foghlaim agus taitneamh a bhaint astu.

Pleanáil Fadtéarmach Tacú le cur chuige pleanála straitéiseach níos fadtéarmaí chun cabhrú le cosaint a dhéanamh ar thailte tábhachtacha straitéiseacha atá riachtanach chun dlúthfhás sa todhchaí a sheachadadh i gCathair Chorcaí de réir CNP 2040.

63 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1

Powered by