Caibidil 2 I Croístraitéis
Creatphlean Ceantair Lár na Cathrach Chun bainistiú gníomhach talún a chomhordú agus a chumasú le seachadadh príomhthionscadail infreastruchtúir agus athghiniúna, ullmhóidh Comhairle Cathrach Chorcaí creatphlean don timpeallacht thógtha atá ann agus atá ag teacht chun cinn i lár na cathrach agus timpeall air. Féachfaidh an plean le seachadadh dlúthfhás inchónaithe a chomhordú trí phleanáil agus dearadh na saincheisteanna seo a leanas a bhaineann le húsáid talún a éascú: Bainistiú gníomhach talún ar láithreáin straitéiseacha tearcúsáidte; Idirnaisc idir Lár na Cathrach, Dugaí na Cathrach agus Dugaí Tivoli; Ardleibhéal soghluaisteachta a chumasú ag nascadh BusConnects Corcaigh, an bealach LRT a bheartaítear agus an Féarbhealach ó Laoi go Farraige atá ag teacht chun cinn; Pleanáil talamhúsáide timpeall ar acomhail iompair phleanáilte; Oidhreacht Thógtha agus Caomhnú, lena n-áirítear oidhreacht mhuirí; Cur i bhfeidhm BGG, Oidhreacht Nádúrtha, agus bainistíocht Bithéagsúlachta; Cuspóirí um Chomhfhorbait Áite a chomhordú ag leibhéal áitiúil; Iompar agus Soghluaisteacht Abhann (lena n-áirítear iompar agus caitheamh aimsire uiscebhunaithe); Bainistiú úsáid aibhneacha chun éileamh a chothromú agus leasanna a d’fhéadfadh a bheith contrártha .
Straitéisí agus Staidéir Tacaíochta
Úsáidfear na straitéisí agus na staidéir tacaíochta atá mar bhonn leis an bPlean seo mar chur chuige fianaise- bhunaithe chun cabhrú le heolas a chur ar fáil do threoir agus do chinntí maidir le déanamh polasaí agus bainistíocht forbartha do thograí forbartha nua i gCathair Chorcaí.
Pleanáil Cheantar Uirbeach Ag teacht leis an mbeartas atá ag teacht chun cinn ar Chriosanna Forbartha Uirbeacha (CFU), mar atá leagtha amach i bPlean Tithíochta do Chách an Rialtais (2021), breithneoidh Comhairle Cathrach Chorcaí cur i bhfeidhm sonrú CFU do limistéir atá tábhachtach go straitéiseach agus ar scála mór de fás a aithníodh sa Chroí-Straitéis. Ag léiriú an Phlean Tithíochta do Chách, díreoidh na CFU seo ar na nithe seo a leanas: Pleanáil atá dírithe ar dhearadh agus ar sheachadadh; Aghaidh a thabhairt ar shrianta bonneagair ar bhealach inbhuanaithe; Forbairt atá Dírithe ar Iompar a Sheachadadh; Forbartha ionchasacha a chomhtháthú i gcomhthéacs comharsanachta nó cathrach atá ann cheana féin nó atá á chumasc;
Bonneagar fisiciúil agus pobail a phleanáil agus a sheachadadh; Dlúthfhás Inchónaithe a sholáthar, de réir chuspóirí an Phlean seo.
Tiomántóir Eacnamaíoch Náisiúnta agus Réigiúnach Tabharfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí tacaíocht agus spreagadh do thograí forbartha a neartóidh ról Chathair Chorcaí mar thiomántóir eacnamaíoch náisiúnta agus réigiúnach, agus a chuireann le geilleagar láidir, athléimneach, éagsúil agus nuálaíoch don Chathair, mar a shamhlaítear sa bheartas pleanála náisiúnta agus réigiúnach.
65 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook