Caibidil 2 I Croístraitéis
Seachadadh Talún Stáit Iomchuí
Láithreáin Amhantair Déileálfar le láithreáin athfhorbraíochta straitéiseacha ina bhfuil úsáideoirí gníomhacha reatha mar shuímh amhantair. Beidh gá le breithniú cúramach ar athfhorbairt na láithreán seo, má bhíonn siad ar fáil nó nuair a bhíonn siad ar fáil. I gcás a leithéid de shuímh, beidh comhaontú ag teastáil ó Chomhairle Cathrach Chorcaí maidir le creatphlean mionsonraithe ag céim luath chun dea-chleachtas athnuachana agus dearadh a chinntiú bunaithe ar charachtar agus nádúr a dtimpeallachtaí uirbeacha reatha.
Tabharfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí, mar aon leis an GFT agus páirtithe leasmhara ábhartha, mar an Ghníomhaireacht Forbartha Talún (GFT), tacaíocht agus cumasú d’fhorbairt agus d’athnuachan agus d’athghiniúint tailte oiriúnacha faoi úinéireacht an stáit mar phríomhspriocanna insoláthartha chun spriocanna fáis an CNP a bhaint amach.
Athghiniúint Straitéiseach Tacú le forbairt agus athnuachan láithreán straitéiseach athghiniúna i nDugthailte Chorcaí, Lár Chathair Chorcaí agus ceantair ar fud na cathrach agus iad a chumasú mar phríomhspriocanna inghnóthaithe chun spriocanna fáis an CNP a bhaint amach.
Tobhach ar Shuíomh Folamh
Spreagadh a thabhairt, trí bhíthin an tobhaigh ar láithreáin fholmha, forbairt láithreán folmha chun críocha tithíochta agus athghiniúna trí fhorálacha an Achta um Athghiniúint Uirbeach agus Tithíocht 2015 (arna leasú) a chur i bhfeidhm go gníomhach.
Láithreáin Thearcúsáidte Féachfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí le dul i ngleic le ceisteanna tréigthe, folúntais agus tearcúsáid láithreán laistigh de Chathair Chorcaí trí athúsáid agus athnuachan a spreagadh agus a éascú faoi réir dea-phleanála agus acmhainn iompair bhonneagair an cheantair.
Clár na Láithreán Tréigthe Dul chun cinn a dhéanamh, trí Chlár na Láithreán Tréigthe, le forbairt láithreán tréigthe chun críocha tithíochta agus athghiniúna trí chomhairliúchán le húinéirí talún agus trí chumhachtaí a chur i bhfeidhm faoin Acht um Láithreáin Thréigthe 1990 (arna leasú) agus bealaí eile atá ar fáil do Chomhairle Cathrach Chorcaí.
66 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook