Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 2 I Croístraitéis

Fás Daonra

Fás Dlúth Tá sé mar chuspóir díriú ar sholáthar 65% de na tithe nua go léir i gCathair Chorcaí ar thailte laistigh de lorg tógtha reatha na cathrach, mar atá leagtha amach sa Chroí-Straitéis.

Agus pleanáil á dhéanamh d’fhás daonra sa todhchaí, déanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí measúnú ar fhachtóirí tábhachtacha mar mheánmhéideanna athraitheacha líonta tí, tionacht, cineál agus meascán (lena n-áirítear cóiríocht mac léinn) agus rátaí áitíochta agus folúntais laistigh de cheantar. Cabhróidh na fachtóirí seo le heolas a chur ar fáil do cheapadh beartais, do threoir bainistíochta forbartha agus do chinntí maidir le tograí forbartha nua sa chathair.

Soláthar Tithíochta Tacú le méadú ar sholáthar, inacmhainneacht agus cáilíocht na tithíochta nua sa chathair agus raon roghanna tithíochta a sholáthar a sheachadann dearadh maith atá oiriúnach do charachtar an cheantair ina bhfuil sé tógtha, agus úsáid éifeachtach criosaithe agus talamh seirbhísithe a bhaint amach ag an am céanna.

Caighdeán na Beatha Agus pleanáil á dhéanamh d’fhás daonra sa todhchaí, déanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí measúnú agus monatóireacht ar fhachtóirí cáilíochta beatha lena n- áirítear feabhsuithe sa timpeallacht uirbeach, infrastruchtúr pobail, oideachas agus foghlaim, laghdú ar an meánfhad comaitéireachta/turais agus eispéiris chultúrtha ar féidir leo líon na ndaoine a lorgaíonn chun cónaí, oibriú, staidéar, cuairt a thabhairt agus taithí a fháil ar an gcathair a mhéadú.

Pleanáil Fadtéarmach

Cosaint agus pleanáil do sheachadadh níos fadtéarmaí na dtailte atá curtha in áirithe mar Thailte Forbartha Straitéisí Níos Fadtéarmaí, marcáilte dá réir Fíor 2.21 agus Tábla 2.4. Na tailte seo a chosaint le haghaidh fáis straitéiseach fadtéarmach.

An Croí-Straitéis a chur i bhfeidhm An Croí-Straitéis a chur i bhfeidhm agus tacú léi de réir Léarscáil agus Tábla na Croí-Straitéise, Léarscáil agus Tábla na Straitéise Fáis agus na Cuspóirí le haghaidh Tábla Fáis na Cathrach atá leagtha amach sa phlean seo.

Soláthar Talún Criosaithe Monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gCroí-Straitéis chun a chinntiú go leanann dóthain talún criosaithe agus seirbhísithe, atá suite gar do sheirbhísí fostaíochta, pobail, iompair agus oideachais, a bheith ar fáil chun freastal ar riachtanais tithíochta na Cathrach thar shaolré an Phlean.

67 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1

Powered by