Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Réamhrá

1.3 Don chéad uair riamh, cuimseoidh plean

forbartha reachtúil aonair Cathair Chorcaí agus a bruachbhailte go léir, lena n-áirítear bailte Bhaile an Chollaigh, an Bhlarna, Teamhair agus Gleann Maghair, agus na ceantair chúlchríocha máguaird. 1.4 Beidh an Plean Forbartha Cathrach nua ina chéim thábhachtach in éabhlóid na pleanála straitéiseach do Chathair Chorcaí. Beidh tionchar ag an bPlean seo ar an gcaoi a ndéanaimid teagmháil lena chéile mar phobail; an chaoi a n-oibrímid, a bhfoghlaimímid, a dtaistealaimid, a ndéanaimid scíthe a ligean, an t-imirt agus an taithí atá againn ar gach rud atá le tairiscint ag an gcathair. Treoróidh sé conas a úsáidimid ár dtalamh agus ár n-uisce agus cá háit a lonnófar tithe nua, gnólachtaí, scoileanna, áiseanna pobail, seirbhísí sláinte agus spásanna oscailte. Agus creat á leagan síos chun uaillmhianta Chathair Chorcaí a bhaint amach, is iad na bunphrionsabail atá sa phlean seo ná forbairt inbhuanaithe, sláinte, fás dlúth, cruthú pobail agus áiteanna ináitrithe, agus comhlánú an dúlra agus athléimneacht aeráide.

1.1 Le daonra de bhreis agus 210,000 agus

spriocanna uaillmhianacha fáis thar na 20 bliain atá romhainn, is lárionad scála idirnáisiúnta atá ag teacht chun cinn í Cathair Chorcaí agus tiomántóir náisiúnta fáis eacnamaíoch agus daonra í. Leagann an Plean Forbartha Cathrach seo amach conas a fhásfaidh agus a fhorbróidh Cathair Chorcaí thar na sé bliana atá romhainn agus go leanfaidh sí de bheith ina cathair nuálach, bríomhar agus sláintiúil. 1.2 Is cathair ilghnéitheach í Corcaigh. Is Cathair dhá-ollscoile agus mhuirí í le lár na cathrach bríomhar, comharsanachtaí agus bailte uirbeacha faoi bhláth, cúlchríoch saibhir agus raon saibhir oidhreachta nádúrtha agus tógtha. Tá cumas suntasach ag Cathair Chorcaí maidir le fás inbhuanaithe agus tá na sócmhainní daonna, eacnamaíocha agus comhshaoil riachtanacha aici chun a lánacmhainneacht a bhaint amach.

8

Powered by