Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 2 I Croístraitéis

Forbairt i Lonnaíochtaí Cúlchríche Déanfar forbairt i lonnaíochtaí cúlchríche na cathrach a bhainistiú trí fhorbairt scála pobail, tithíochta agus fostaíochta áitiúil a sheachadadh i

Meicníochtaí Airgeadais a Thacú & a Chumasú Féachfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí le comhpháirtíochtaí oiriúnacha a chumasú a bhaineann leas as an saineolas airgeadais atá ann thar raon institiúidí a fhaigheann tacaíocht phoiblí a chuidíonn le hathghiniúint uirbeach inbhuanaithe agus dea-chleachtais a sheachadadh lena n- áirítear leibhéil ardaithe de thithíocht inacmhainne.

lonnaíochtaí na gCillíní, Gleann Maghair Uachtarach agus Paidhc na gCiarraíoch.

An Chúlchríoch a Bhainistiú Déanfar dlúthbhainistiú ar aon tograí forbartha sa chuid eile den chúlchríoch chun cosaint a thabhairt in aghaidh sraoilleáil uirbeach neamhriachtanach agus neamhphleanáilte .

Monatóireacht agus Measúnú Déanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí

monatóireacht agus tomhas ar thorthaí pleanála agus déanfaidh siad measúnú ar na cuspóirí atá leagtha amach sa Phlean Forbartha Cathrach seo.

Comhordú Feabhsaithe Cur chuige gníomhach maidir le bainistiú talún a chur chun cinn trí chomhordú feabhsaithe le geallsealbhóirí ábhartha agus soláthraithe bonneagair maidir le bonneagar cumasúcháin a sheachadadh chun forbairt na réimsí fáis straitéisí a luathú.

Monatóireacht ar Athghiniúint Tacú le bainistíocht agus forbairt ghníomhach talún trí mhonatóireacht leanúnach a dhéanamh ar leibhéal na forbartha i láithreáin athfhorbraíochta, inlíonta agus úrnua, leis an aidhm tacú le spriocanna agus cuspóirí Phlean Forbartha Chathair Chorcaí, PSMU Chorcaí agus an CNP.

Láithreáin Straitéiseacha a Mhaoiniú

Seachadadh tionscnamh straitéiseach maoinithe a uasmhéadú a thacaíonn le húdaráis áitiúla infrastruchtúr cumasúcháin ríthábhachtach a sholáthar. Aghaidh a thabhairt go gníomhach ar aon bhacainní agus moilleanna criticiúla bonneagair, nuair is féidir, chun seachadadh tithíochta agus athnuachana ar phríomhláithreáin forbartha a luathú.

68 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1

Powered by