Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Cabidil 3 I Tithe agus Pobail a Sheachadadh

3.3 Leagtar amach sa Chaibidil seo cuspóirí atá dírithe ar chomharsanachtaí inbhuanaithe a chruthú agus a chothabháil mar aon leis an mbonneagar pobail atá ag teastáil chun a chinntiú go mbaineann pobail éagsúla leas as caighdeán maith maireachtála. Leagtar amach sa chaibidil freisin na cuspóirí maidir le tithíocht a sheachadadh chun na spriocanna uaillmhianacha do Chathair Chorcaí agus rogha tithíochta a bhaint amach. Soláthraíonn Caibidil 11: Comhfhorbairt Áite agus Bainistíocht Forbairt creatlach de chuspóirí agus de chaighdeáin forbartha chun a chinntiú go bhfuil an fhorbairt ar ardchaighdeán leanúnach dearaidh de réir na bPríomhphrionsabal Náisiúnta atá leagtha amach sa CNP chun seachadadh tithíochta sa todhchaí a threorú.

3.4 I dtréimhse an Phlean Forbartha 2022-2028 seo rachfar i ngleic le príomhdhúshláin maidir le tithe agus comharsanachtaí inbhuanaithe a sholáthar ar fud Chathair Chorcaí: • Méadú suntasach ar an soláthar tithíochta le fócas ar láithreáin chriosaithe a thabhairt ar aghaidh le haghaidh forbartha laistigh de thréimhse an Phlean; • Aistriú chuig leibhéil mhéadaithe forbartha láithreáin athfhorbraíochta i suíomhanna inrochtana chun fás dlúth a bhaint amach; • Aistriú chuig cur chuige dlúis réidh ar fud Chathair Chorcaí agus méadú ar chomhréir na dtithe atá ina n-árasán agus árasán dhá urlár. Beidh forbairt ard-dlúis oiriúnach i Lár na Cathrach agus i nDugaí na Cathrach; • Ar a laghad cúig phríomhchomharsanacht inbhuanaithe nua a sheachadadh ag Dugaí na Cathrach, Dugaí Tivoli, Baile an Chollaigh Theas (Maigh an Ghiolla Fhinn), Baile Uí Mhulláin agus Gleann Maghair (Theas);

Fíor 3.1: Eilimintí a thacaíonn le Cáilíocht na Beatha (Foinse: CNP).

Coinn í ollacha Maireacht á la Á bharach

Sl á inte

S á bh á ilteacht Gheilleagrach agus Fhisici ú il

Oideachas

C á il í ocht na Beatha

F ó ill í ocht agus Idirghn í omha í ochta í S ó isialta

S á samh Saoil Forioml á n

Rialachas agus Cearta Bun ú sacha

Fosta í ocht

Timpeallacht N á d ú rtha agus Bheo

Na hEala í ona, Cult ú r agus Oidhreacht

73

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1

Powered by