Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Caibidil 1 I Réamhrá

Fís Straitéiseach

1.5 Is í an Fhís Straitéiseach ná go nglacfaidh Cathair Chorcaí a háit mar chathair den scoth, ag tiomáint fás áitiúil agus réigiúnach, ag glacadh le héagsúlacht agus ionchuimsitheacht agus ag fás mar dhlúthchathair athléimneach, sláintúil,

aoischairdiúil agus inbhuanaithe le comhfhorbairt áite, pobail agus cáilíocht na beatha ina chroílár. Tá an fhís straitéiseach seo bunaithe ar na príomhphrionsabail straitéiseacha seo a leanas:

Fás dlúth Úsáid talún agus pleanáil iompair a chomhtháthú chun cathair dhlúth a bhaint amach le 50% de na tithe nua go léir á seachadadh laistigh de lorg tógtha reatha na Cathrach ar láithreáin athfhorbraíochta, inlíonta agus úrnua a sainaithníodh sa Chroí-Straitéis, agus chun dlús daonra níos airde a bhaint amach atá ailínithe le seachadadh bonneagair straitéisigh. Cathair comharsanachta agus pobail Cathair inbhuanaithe, inchónaithe a fhorbairt ina mbeidh comharsanachtaí agus pobail bunaithe ar choincheap na cathrach 15 nóiméad, ag cinntiú go bhfuil comhfhorbairt áite, inrochtaineacht agus sábháilteacht i gcroílár na forbartha ar fad. Taisteal inbhuanaithe agus gníomhach Staidéar Iompair Mórcheantar Chorcaí (SIMC) a chur i bhfeidhm agus córas iompair inbhuanaithe chlaochlaithe a fhorbairt le haistriú suntasach i dtreo siúil, rothaíochta agus iompar poiblí agus an prionsabal seo a chuimsiú i ngach forbairt ar fud na Cathrach. Oidhreacht thógtha agus nádúrtha feabhsaithe Ár n-oidhreacht thógtha agus nádúrtha, ár spásanna oscailte agus ár bpáirceanna, agus ár mbonneagar glas agus gorm a chosaint, a fheabhsú, a thacú agus a fhorbairt, agus ár n-oidhreacht thógtha a leathnú le foirgnimh nua, bailedhreacha agus spásanna poiblí a bhaintear amach trí na caighdeáin is airde ailtireachta agus dearadh uirbeach. Geilleagar láidir agus éagsúil Tacú le ról Chathair Chorcaí mar thiománaí geilleagrach don réigiún agus cruthú geilleagair láidir, athléimneach, éagsúil agus nuálaíoch.

Cathair athléimneach Cur le creat don aistriú go Cathair ísealcharbóin atá athléimneach ó thaobh na haeráide de, a bheidh athléimneach in aghaidh imeachtaí aimsire foircneacha, paindéimí, timthriallta eacnamaíocha agus suaitheadh féideartha eile.

Cathair sláintiúil, ionchuimsitheach agus éagsúil Tógáil ar stádas Chathair Chorcaí mar Chathair Shláintiúil ainmnithe san Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, ag tairiscint timpeallacht ionchuimsitheach agus bhríomhar do chách agus ag an am céanna ag cothú maireachtála sláintiúil agus folláine. Cathair nasctha Leanfaidh Cathair Chorcaí de bheith ina cathair an-nasctha a sholáthróidh nascacht áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

9

Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022-2028 Imleabhar 1

Powered by