Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Cabidil 3 I Tithe agus Pobail a Sheachadadh

3.6 Cuireann an Creat Náisiúnta Pleanála, SRSE agus na Forbairtí Cónaithe Inbhuanaithe i gCeantair Uirbeacha: Treoirlínte d'Údaráis Phleanála (DEHLG, 2009) luach iontach ar fhorbairt comharsanachtaí inbhuanaithe. Chun caighdeán maith beatha a bheith acu teastaíonn rochtain ó dhaoine ar raon acmhainní sa bhreis ar a dteach: Is féidir na hacmhainní a theastaíonn uainn chun feidhmiú mar shochaí a mheas ar thrí scála éagsúla chun críocha straitéis phleanála Chathair Chorcaí: • Scála straitéiseach ar fud na Cathrach; • Scála Ceathrú-Cathair / Baile Uirbeach; agus • Scála Comharsanachta / Cathair 15 Nóiméad.

3.7 Soláthraíonn an “Cathair 15 Nóiméad” coincheap an-soiléir chun a bhfuil i gceist againn le comharsanachtaí a chumadh. Tugadh suntas i bhfad níos mó don choincheap seo le linn na géarchéime sláinte poiblí domhanda Covid-19 agus tá sé anois mar chuid den fhoclóir príomhshrutha agus d’ardaigh sé ionchais na sochaí maidir leis an méid ar féidir leo a bheith ag súil leis laistigh dá gcomharsanacht féin. Tá an coincheap mar chuid de chreat polasaí pleanála Chomhairle Cathrach Chorcaí ó 2010. Léiríonn Fíor 3.2, thíos, na híoschaighdeáin do Chathair 15 nóiméad, is é sin an leibhéal seirbhísí atá beartaithe do “Lonnaíochtaí Beaga agus Limistéi r Thuaithe”. Níl an léaráid uileghabhálach agus i gcomhthéacs na Cathrach beidh an Chathair 15 nóiméad ag lorg caighdeán níos airde soláthair, lena n-áirítear rochtain ar iompar poiblí agus rochtain ar an dúlra.

Fíor 3.2: Céimlathas na Lonnaíochtaí agus Bonneagar Gaolmhar (Foinse: CNP).

Large Towns

Smaller Settlements and Rural Areas

Cities

Smaller Towns and Villages

76 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1

Powered by