Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Cabidil 3 I Tithe agus Pobail a Sheachadadh

Tithe a Sheachadadh

3.20 Tá sé ríthábhachtach a chinntiú go dtabharfar suíomhanna beaga ar aghaidh chun comharsanachtaí Chathair Chorcaí agus a ceantair stairiúla a athbheochan. Soláthraíonn suíomhanna beaga deis freisin do thithíocht fhéinthógála, chomhoibríoch, iontaobhais forbartha, éicea- sráidbhailte agus raon roghanna eile d’fhorbróirí. 3.21 Agus cur chuige Bainistithe Talún Gníomhach á fheidhmiú chun úsáid na talún agus na bhfoirgneamh sa chathair a bharrfheabhsú, sainaithneoidh Clár na Láithreán Folamh, faoi fhorálacha an Achta um Athghiniúint Uirbeach agus Tithíocht 2015, tailte Cónaithe agus tailte Athghiniúna. Ní mór do Chomhairle Cathrach Chorcaí a aithint cineálacha criosaithe úsáide talún a mheasfar mar “thailte cónaithe” agus iad siúd a bheidh mar “thalamh athghiniúna”. Leagann Tábla 3.3, thíos, amach na cuspóirí criosaithe úsáide talún ábhartha a bhaineann leis an dá chatagóir talún chun críocha an tobhaigh ar láithreáin fholmha.

3.17 Soláthraíonn an Creat Náisiúnta Pleanála agus SRSE an Deiscirt spriocanna uaillmhianacha fáis do Chathair Chorcaí, mar atá leagtha amach i gCaibidil 2: Croí- Straitéis. Socraíonn Comhstraitéis Tithíochta Chathair Chorcaí agus Chontae Chorcaí / Measúnú ar Riachtanais agus Éileamh Tithíochta (MRÉT) na spriocanna tithíochta do ghlanchríochnaithe tithíochta do thréimhse an Phlean Forbartha, bunaithe ar an eolas ag an CNP, Treochlár an CNP, SRSE agus na Treoirlínte Soláthar Tithíochta (DHLGC, Nollaig 2020). Tá na spriocanna soláthair tithíochta seo leagtha amach i dTábla 3.2, thíos. 3.18 Ag teacht le riachtanais an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) déanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí athbhreithniú ar spriocanna soláthair i 2024 (athbhreithniú dhá bhliain ar an bplean forbartha).

Bliain

2022

2023

2024

2025

2026

2027

2028 Iomlán

Tithe

1,353

2,706

2,706

2,706

2,706

2,706

1,353

16,236

Tábla 3.2: Spriocanna Soláthar Tithíochta in aghaidh na bliana.

Talamh Cónaithe Talamh Athghiniúna

Dlúthfhás i gCorcaigh

ZO 1-9

ZO 1 Comharsanachtaí

Cónaithe Inbhuanaithe

Déan tagairt le do thoil do Chaibidil 12, 12.10 Soiléiriú

3.19 Mar fhreagra ar an CNP agus an SRSE (m.sh. CBR 10 Dlúth Fás i Mhórcheantair Uirbeacha) tá spriocanna tithíochta uaillmhianacha ag Comhairle Cathrach Chorcaí do láithreáin athfhorbraíochta, chomh maith le féachaint le soláthar tithíochta ar láithreáin úrnua a bharrfheabhsú. Is dúshlán é an soláthar tithíochta ar láithreáin athfhorbraíochta a mhéadú ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear srianta suímh, castacht agus inmharthanacht. Tá sé mar aidhm ag Comhairle Cathrach Chorcaí oibriú le húinéirí talún, leis an tionscal forbartha, le gníomhaireachtaí stáit agus lena gcomhpháirtithe eile chun a chinntiú go gcuirtear soláthar substaintiúil tithíochta ar láithreáin athfhorbraíochta i gcrích. Féachfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí le láithreáin athfhorbraíochta oiriúnacha a oscailt leis na hacmhainní atá ar fáil di.

ZO 4 Forbairt Ilchinéalach

ZO 5 Lár na Cathrach

ZO 6 Lár Baile Uirbeach

ar Úsáidí Cónaithe.

ZO 7 Lár an Cheantair

ZO 8 Ionaid Chomharsanachta agus Áitiúla ZO 9 Tionscal Éadrom agus Úsáidí Gaolmhara

ZO 10 Gnó & Teicneolaíocht

Tábla 3.3: Catagóiriú láithreáin fholmha.

79 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1

Powered by