Cabidil 3 I Tithe agus Pobail a Sheachadadh
Léiríonn an straitéis treoir phleanála náisiúnta, anailís shaincheaptha ar Chathair Chorcaí agus dea-chleachtas idirnáisiúnta maidir le polasaí agus samhlacha forbartha. Áirítear le ‘oiriúnacht’ do dhlús uirbeach: • Aithint mar mhórdheis forbartha; • A bheith laistigh d’ionad uirbeach nó gar dó • Rochtain ar iompar poiblí ardcháilíochta atá beartaithe i SIMC (córas IÉI Chorcaí atá molta, gréasán bus agus gréasán bus ar ardchaighdeán)
Dlús Cónaithe
3.22 Is príomhchúraimí an chórais phleanála iad dlús aon fhorbairt a bharrfheabhsú agus a chinntiú go mbaintear an úsáid is fearr as talamh agus foirm níos dlúithe d’fhorbairt uirbeach a bhaint
amach i gCathair Chorcaí a chuireann éifeachtúlacht acmhainní chun cinn.
• Rochtain ar sheirbhísí áitiúla; agus • Rochtain ar pháirceanna agus spás glas.
3.23 D'ullmhaigh Comhairle Cathrach Chorcaí Staidéar ar Dhlús Uirbeach, Airde Foirgnimh agus Foirgneamh Ard mar ionchur sa straitéis phleanála do Chathair Chorcaí. Tá ionchur tábhachtach curtha ar fáil ag an Staidéar sna boinn tuisceana ar dhlús cónaithe atá mar bhonn leis an gCroí- Straitéis agus le cuspóirí forbartha eile an Phlean seo. Tá airde na bhfoirgneamh agus an straitéis foirgnimh arda leagtha amach i gCaibidil 11: Comhfhorbairt Áite agus Bainistiú Forbartha. 3.24 Tá an straitéis dlúis bunaithe ar oiriúnacht na láithreán laistigh de Chathair Chorcaí chun freastal ar dhlúis mhéadaithe. Tá an straitéis dlúis uaillmhianach agus bunaítear raonta dlúis do chineálacha éagsúla suíomhanna ar 8 ‘oiriúnacht’ dhifriúil.
3.25 Beidh gá le láithreáin úrnua a fhorbairt de réir dlúis a léiríonn a n-oiriúnacht do dhlús uirbeach. Éileoidh sé seo athrú céime ar dhlús uirbeach na scéimeanna atá á moladh. Mar riail ghinearálta is é an dlús íosta ná 35 teaghais in aghaidh an heicteáir (glandlúis), gan tithe aonuaire a áireamh. 3.26 Tá an Straitéis Dlúis struchtúrtha thar cheithre fho-réimse (féach Fíor 3.3, agus Imleabhar 2: Cuspóirí Mapáilte): • Lár na Cathrach agus Ceantar na nDugaí (“Cathair agus Limistéir Láir”); • Imeall Lár na Cathrach / Príomhchonairí iompair / príomhionaid uirbeacha • Bruachbhailte Uirbeacha Istigh • Bruachbhailte Amuigh.
80 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook