Cabidil 3 I Tithe agus Pobail a Sheachadadh
Blarna
Crois an Fhaoitigh
Gleann Maghair
Linn Dubh
Tivoli
Lár na Cathrach
An tOileán Beag
Baile an Chollaigh
Machain
Dúglas
Wilton
Cnoc Carr’s
Aerfort Chorcaí
Fíor 3.3: Spásúlacht Dlús agus Straitéis um Airde Foirgnimh.
3.28 Is éard atá i riachtanas tithíochta Chuid V ná scoilt chothrom a chuimsíonn 10% de thithíocht shóisialta agus 10% de thithíocht inacmhainne laistigh de scéimeanna cáilitheacha tithíochta. Déanfar freastal ar riachtanas tithíochta ar phraghas faoi bhun an mhargaidh trí tháirgí tithíochta tionachta Sóisialta agus Inacmhainne, atá ag athrú de shíor agus táthar ag súil go leanfaidh siad orthu ag éabhlóidiú i rith thréimhse an Phlean. Go ginearálta áirítear na nithe seo a leanas i dtáirgí tithíochta ar phraghas faoi bhun an mhargaidh:
Dea-Meascán Tithíochta a Sheachadadh
3.27 Soláthraíonn an Chomhstraitéis Tithíochta /
Measúnacht ar Riachtanas agus Éileamh Tithíochta anailís ar an ngá atá le tithíocht ar phraghas faoi bhun an mhargaidh do theaghlaigh nua. Laistigh de Chathair Chorcaí is é an sprioc ná tithíocht a chur ar fáil do theaghlaigh nua ag cóimheas de 67% de thithe margaidh agus 33% faoi bhun na dtithe ar phraghas an mhargaidh. Chomh maith le freastal ar an riachtanas tithíochta nua seo beidh gá freisin le cur san áireamh an liosta feithimh tithíochta atá ann cheana féin. Léiríonn an Chomhstraitéis Tithíochta seo go bhfuil meánriachtanas measta ann go mbeadh 20.4% den aschur tithíochta ina aonaid tithíochta sóisialta agus 12.7% d’aonaid tithíochta inacmhainne thar thréimhse an Phlean go dtí 2028. Léiríonn Tábla 3.5 seachadadh measta na tithíochta sóisialta agus na n-aonad inacmhainne ar bhonn bliantúil laistigh den fhráma ama 2022-2028. Is gá a chinntiú go soláthrófar tithíocht inacmhainne ar cíos chun aghaidh a thabhairt ar chostais mhéadaithe lóistín na mac léinn.
• Tithíocht shóisialta ar cíos; agus • Tithíocht inacmhainne ar cíos, ceannach nó úinéireacht roinnte.
3.29 Soláthróidh Comhairle Cathrach Chorcaí mar Údarás Tithíochta, agus Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (CCT), táirgí tithíochta Sóisialta agus Inacmhainne, trí raon leathan meicníochtaí, lena n- áirítear faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú), agus ina dhiaidh seo dá ngairtear “Cuid V”.
81 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1
Powered by FlippingBook