Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Cabidil 3 I Tithe agus Pobail a Sheachadadh

3.36 Is coimpléisc árasán iad Tóg-le-Ligean le háiseanna fadtréimhseacha cíosa agus tacaíochta do chónaitheoirí agus seirbhísí agus taitneamhachtaí cónaitheoirí (SPPR7). Ní bheidh scéimeanna Tóg-le-Ligean faoi réir riachtanais mheascán áitribh agus tá siad faoi réir caighdeáin forbartha an-sonrach (SPPR8). Tá siad faoi réir cheanglais Chuid V. 3.37 Is coimpléisc stiúideonna iad Cóiríocht Roinnte le háiseanna roinnte / comhchoiteann. Luaitear sa Tithíocht Uirbeach Inbhuanaithe: Caighdeáin Dearaidh d’Árasáin Nua (a nuashonraíodh i mí na Nollag 2020) go mbeidh toimhde ann in aghaidh cead pleanála a dheonú le haghaidh forbairtí cóiríochta roinnte/chomhchónaithe mura gcomhlíontar forálacha sonracha SPPR9. I SPPR9, éilíonn eisceachtaí go raibh iarratais phleanála á measúnú tráth déanta na dTreoirlínte nó go n-aithníodh éileamh ar leith ar chóiríocht roinnte / forbairt chomhchónaithe sa MRÉT. Ní bhaineann ceachtar acu seo le Cathair Chorcaí. Mar sin, tá toimhde in aghaidh cóiríocht roinnte / forbairt chomhchónaithe i gCathair Chorcaí.

Tugann an Straitéis Tithíochta an anailís seo cothrom le dáta chun na spriocanna táscacha a bhunú do chóiríocht a tógadh le sainchuspóir do mhic léinn thar thréimhse an phlean forbartha, atá leagtha amach i dTábla 3.6, thíos. Críochnaíodh líon suntasach de spásanna leapa na mac léinn le déanaí nó tá siad á gcur ar fáil tráth scríofa an Phlean, agus tá na spriocanna atá leagtha amach sa bhreis ar an méid seo de spásanna leapa a tógadh le sainchuspóir do mhic léinn. Dhéanfaí scéimeanna eile a bhainfeadh leas as cead ach nár cuireadh tús leo a sheachadadh i gcomhthéacs na spriocanna. 3.39 Leagann an Straitéis Tithíochta / MRÉT amach gur dócha go gcuirfidh lóistín mac léinn cóiríocht ar fáil don chuid is mó den mhargadh teaghlaigh 1 duine atá tuartha do Chathair Chorcaí (tuartha ag 580 de na 711 aonad in aghaidh na bliana). Tá dearadh lóistín na mac léinn an- chosúil le táirgí réadmhaoine “Comh - chónaithe” le stiúideonna beaga agus spásanna roinnte agus comhchoiteann. 3.40 Soláthróidh soláthar nua CTSML an deis do ghnáth-thithe fanacht in úsáid nach mbaineann le mic léinn nó iad a athrú go húsáid nach mic léinn iad. Tá sé tábhachtach go mbeadh comharsanachtaí cothromaithe go sóisialta lena chinntiú go n-éiríonn leo agus go gcruthaítear taitneamhacht cónaithe maith. 3.41 Chun Cathair Chorcaí a dhéanamh tarraingteach do mhic léinn tá sé tábhachtach go mbeadh costas lóistín inacmhainne do na mic léinn. Beidh tionscnaimh chun an cineál seo tithíochta a dhéanamh níos inacmhainne faoi réir bheartas an rialtais. Laistigh de Chathair Chorcaí ní bheidh scéimeanna nua CTSML faoi réir fhorálacha Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt.

Cóiríocht a Tógadh le Sainchuspóir do Mhic Léinn (CTSML)

3.38 Cuireann Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan go mór le geilleagar agus margadh saothair Chorcaí. Tá sé tábhachtach go dtacófar lena dtarraingteacht agus lena bhfás féideartha trí chóiríocht oiriúnach a sholáthar do mhic léinn. Cuimsíonn an Straitéis Náisiúnta um Chóiríocht do Mhic Léinn anailís ar an éileamh ar chóiríocht do mhic léinn.

2026

2027

2028

Iomlán

Soláthraí

2022

2023

2024

2025

COC

125

250

250

250

250

250

125

1500

OTM

115

230

230

230

230

230

115

1400

Príobháideach

50

100

100

100

100

100

50

600

Iomlán

290

580

580

580

580

580

290

3500

Tábla 3.6: Spriocanna Táscacha Spás Leapacha Mic Léinn a Tógadh le Sainchuspóir.

83 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1

Powered by