Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Cabidil 3 I Tithe agus Pobail a Sheachadadh

3.42 Cinnteoidh raon de chineálacha CTSML laistigh d’aon fhorbairt go bhféadfar raon de praghais a bhaint amach. Ba chóir CTSML a fhorbairt de réir na gcaighdeán is airde chun a chinntiú go bhfreastalaíonn an scéim ar riachtanais a gcónaitheoirí agus ar riachtanais seirbhíse áitiúla, nuair is cuí. Ciallaíonn sé seo gur chóir go n- ionchorpróidh forbairtí cnuasárasáin, stiúideonna, árasáin mhíchumais le héagsúlachtaí méide laistigh d’aon dearadh urláir. 3.43 Ba cheart go soláthródh CTSML spás maireachtála feidhmiúil imleor agus leagan amach do na háititheoirí, lena n-áirítear spásanna comhroinnte seachtracha agus inmheánacha. Caithfidh dearadh na forbartha a bheith ar ardchaighdeán agus de réir riachtanais na gcaighdeán atá leagtha amach i gCaibidil 11 Comhfhorbairt Áite agus Bainistíocht na Forbartha. 3.44 Agus iarratais phleanála á mbreithniú do chóiríocht mac léinn tabharfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí aird ar: • ‘Treoirlínte ar Fhorbairtí Cónaithe do Mhic Léinn Tríú Leibhéal’ (2005); • Forálacha na Straitéise Náisiúnta um Chóiríocht do Mhic Léinn (2017); • Ciorclán PL 8/2016 APH2/2016; agus • Aon treoir nua nó nuashonraithe. Oiriúnú Tithe Reatha, Forbairt Inlíonta agus Athchóiriú na nUrlár Uachtarach 3.45 Soláthraíonn stoc tithíochta reatha Chathair Chorcaí acmhainn luachmhar maidir le freastal ar riachtanais daonra atá ag fás agus tá tábhacht ag baint lena choinneáil agus lena bhainistiú. Tá sé tábhachtach an stoc tithíochta atá ann cheana a choinneáil agus a oiriúnú, de réir mar is cuí, lena chinntiú go gcomhlíonann tithe riachtanais na sochaí nua-aimseartha agus ag an am céanna a chinntiú nach ndéantar é seo ar chostas tionchar míréasúnta ar réadmhaoine tadhlach.

3.46 Tacóidh Comhairle Cathrach Chorcaí le forbairt inlíonta chun an ról is féidir ag suíomhanna beaga a imirt sa Chathair a uasmhéadú chun tithe nua a sholáthar do dhaonra Chorcaí atá ag méadú. Laistigh de chodanna stairiúla den Chathair a úsáidtear faoi láthair mar limistéir uirbeacha tráchtála (m.sh. Lár na Cathrach agus an droim stairiúil) tá tearc-úsáid á baint as spás urláir uachtarach. Má thugtar an spás seo ar ais in úsáid táirgiúil mar thithe, cuirfear go mór le soláthar tithe nua, infheistíocht i bhfoirgnimh stairiúla agus tairbhí athghiniúna do limistéir tráchtála.

Soláthar Tithíochta Speisialtachta

Tithíocht do Dhaoine Scothaosta agus do Dhaoine faoi Mhíchumas

3.47 Ciallaíonn daonra atá ag dul in aois agus tearc- áitíocht i stoc tithíochta Chathair Chorcaí go bhfuil soláthar táirgí tithíochta a oireann do “mhéadú ceart” (laghdú méide), chun aonaid teaghlaigh a scaoileadh, ina phríomhthosaíocht do Chathair Chorcaí. Is féidir le tithíocht chomhtháite agus forbairtí pobail sa suíomh ceart speictream roghanna tithíochta a sholáthar laistigh de chomharsanachtaí. Tá riachtanais tithíochta laistigh de na forbairtí seo sainoiriúnaithe don raon ó mhaireachtáil neamhspleách go maireachtáil chuidithe, chun freastal ar an mbealach is fearr ar riachtanais daonra atá ag dul in aois. Soláthróidh ‘Prionsabail agus Treoirlínte Aoisbhácha don Údarás Pleanála’ (Aoisbhá Éireann, 2021) agus ‘Straitéis Cathrach Aoisbháúil 2016- 2020’ de chuid Chomhairle Cathrach Chorcaí comhthéacs ábhartha do sholáthar tithíochta i gCorcaigh. Beidh sé ríthábhachtach tithe a dhearadh do Chaighdeán Dearaidh Uilíoch freisin chun maireachtáil neamhspleách a chumasú anois agus amach anseo (féach Caibidil 11: Comhfhorbairt Áite agus Bainistiú na Forbartha). 3.48 Oibreoidh Comhairle Cathrach Chorcaí lena comhpháirtithe chun féachaint lena chinntiú go bhfreastalaítear ar an riachtanas tithíochta do raon catagóirí speisialta laistigh de Chathair Chorcaí le linn thréimhse an Phlean.

84 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1

Powered by