Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 Imleabhair 1

Cabidil 3 I Tithe agus Pobail a Sheachadadh

Pobal

Cineál Forbartha

Limistéar Chathair Chorcaí

Lána an Tobair

Reatha

Cathair Thoir Thuaidh

Clós Ellis

Síneadh

Cathair Thoir Thuaidh

Nash’s Boreen

Nua

Cathair Thiar Thuaidh

Páirc San Antaine

Síneadh

Cathair Thiar Thuaidh

Meelagh GHS

Síneadh

Cathair Thoir Theas

Bóthar Charraig Ruacháin

Nua

Cathair Thiar Theas / Cúlchríoch

Fánaíochta

Nua

Láithreáin le hAithint

Tábla 3.7: Láithreáin Chóiríochta don Lucht Siúil nua agus leathnaithe.

Tithíocht don Lucht Siúil

3.52 Féachfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí le freastal ar thithíocht tuaithe ginte uirbeach laistigh de na Bailte Uirbeacha agus na Lonnaíochtaí Cúlchríche (Paidhc na gCiarraíoch, An Cillín agus Gleann Maghair Uachtarach), a sholáthraíonn an bonneagar agus na seirbhísí riachtanacha chun tacú le tithíocht. 3.53 Éilíonn Cuspóir Beartais Náisiúnta 19 go gcaithfidh Údaráis Phleanála polasaí tithíochta tuaithe a leagan amach a éilíonn ar iarratasóirí “riachtanas eacnamaíoch nó sóisialta inléirithe chun cónaí i gceantar tuaithe” a leagan amach. Breathnófar ar thithíocht aonuaire a chruthaítear faoin tuath lasmuigh de na sráidbhailte ainmnithe ar choinníoll: • Go gcoimeádtar an cuspóir foriomlán maidir le carachtar oscailte na dtailte a chothabháil; • Tá an sráidbhaile is gaire níos mó ná 1 chiliméadar ón suíomh ábhair ar fheirm / gabháltas; • Tá an fheirm níos mó ná 30 heicteár i méid; • Tacaítear le tograí le haghaidh teaghaisí nua le cás inléirithe chun fíor-riachtanas cónaí ar an ngabháltas feirme; agus • Go hidéalach, baineann an teaghais bheartaithe úsáid as caomhnú / athchóiriú sócmhainne oidhreachta tógtha talmhaíochta (m.sh. teach feirme, teachín nó foirgneamh stairiúil feirme a bhfuil tábhacht oidhreachta tógtha leis). 3.54 Léiríonn Daonáireamh 2016 go bhfuil gabháltais feirme níos mó ná 30 heicteár inmharthana mar fheirmeacha lánaimseartha (m.sh. tá ioncam níos mó ná €50,000 acu). Ghin feirmeacha níos mó ná 30 heicteár 75% den aschur feirme ar fad in Éirinn i 2016. Meastar gur feirmeacha páirtaimseartha nó “caitheamh aimsire” iad gabháltais feirme a bhfuil níos lú ná 30 heicteár acu agus ní bhainfeadh siad riachtanas le cónaí ar an ngabháltas feirme. Tá níos lú ná 5% d’fheirmeoirí na hÉireann 35 bliain d’aois, nó níos óige (Daonáireamh 2016).

3.49 Déanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí athnuachan ar a diongbháilteacht chun freastal ar riachtanais an Lucht Siúil trí oibriú leis na comhphobail sin chun na tionscadail atá sainithe sa Phlean Cóiríochta don Lucht Siúil 2019-2024 a chur i bhfeidhm. Déanfar an plean forbartha a nuashonrú chun moltaí forbartha sonracha agus cuspóirí nuashonraithe a ionchorprú tar éis glacadh leis an bPlean Cóiríochta don Lucht Siúil 2024-2029. 3.50 Leagann Tábla 3.7 amach na forbairtí a aithníodh le seachadadh i dtréimhse an Phlean. Áireoidh sé seo forbairt suíomhanna cónaithe le háiseanna coimhdeacha comhchoiteann, de réir mar is gá, chun freastal ar riachtanais tithíochta ar leith an phobail. Déanfar iarratais phleanála phríobháideacha ón Lucht Siúil ar fhorbairt a mheas de réir a dtuillteanas in aghaidh Chuspóir 3.12: Catagóirí Speisialta Tithíochta agus Cuspóir 11.7: Cóiríocht don Lucht Siúil agus cuspóirí ábhartha eile.

Tithíocht sa Chúlchríoch na Cathrach

Tithíocht a Ghintear faoin Tuath

3.51 Ceantar tuaithe den chuid is mó is ea Cúlchríoch na Cathrach a thagann faoi bhrú láidir chun áitribh uirbeacha aonair tuaithe a thógáil.

85 Plean Forbartha Chathair Chorcaí 2022 – 2028 | Imleabhar 1

Powered by