Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

B ó ithre

Ceadanna Áitritheoirí Thug Comhairle Cathrach Chorcaí Beartas nua um Cheadanna Páirceála agus Scéim um Cheadanna Páirceála isteach i mí na Bealtaine 2022. Is féidir le custaiméirí cur isteach ar cheadúnas ar líne nó tríd an bpost leis an Rannóg Páirceála. Den chuid is mó, a luaithe a chuirtear na doiciméid riachtanacha ar fad i láthair, is féidir ceadúnas a eisiúint laistigh de 5-10 lá oibre. Rinneadh isteach is amach le 3,500 cead a phróiseáil in 2022. Carrchlóis Soláthraíonn Comhairle Cathrach Chorcaí trí áis pháirceála seach-shráide – Carrchlós Shráid Phóil, Carrchlós na Príomhshráide Thuaidh, agus Páirceáil & Taistil Black Ash. Bhain um 900,000 feithicil úsáid as na háiseanna seo in 2022. Páirceáil Sráide Tá Forfheidhmiú Páirceála i bhfeidhm chun a chinntiú go mbíonn spásanna ar fáil agus ar an tslí sin deis a thabhairt do ghnólachtaí agus do chuairteoirí tabhairt faoi ghníomhaíochtaí sa chathair. Is rogha i gcónaí e Park by Phone Chathair Chorcaí ionas gur féidir íoc as táillí páirceála gan airgead tirim. Fodhlíthe Páirceála Glacadh le Fodhlíthe Páirceála Chomhairle Cathrach Chorcaí 2022 ag Cruinniú na Comhairle a tionóladh Dé Luain an 13 Meitheamh 2022. Tháinig na Fodhlíthe seo i bhfeidhm an 1 Iúil 2022 agus rinne sé Fodhlíthe Rialaithe Páirceála Chomhairle Cathrach Chorcaí 2016 a chúlghairm. Rialúchán agus Sábháilteacht Tráchta Áiseanna breise Páirceála Rothar laistigh den Chathair Mar chuid de chlár 2022, sonraíodh agus suiteáladh láithreacha páirceála breise rothar, rud a fhágann go bhfuil breis agus 500 spás ar fáil ó 2020 i leith. I measc na spásanna sin tá spásanna páirceála do rothair lastais agus spásanna faoi fhothain ag scoileanna. Comharthaí Aiseolais do Thiománaithe Meastar gur beart sábháilteachta ar bhóithre iad Comharthaí Aiseolais do Thiománaithe mar go bhfeabhsaíonn siad aird tiománaithe agus go spreagann siad iad chun moillithe. Ní mór suíomh na gcomharthaí a mheas go cúramach, áfach, toisc gur féidir le ró-úsáid na gcomharthaí agus a gcur in áiteanna míchuí an bonn a bhaint dá n-éifeachtacht. Suiteáladh os cionn 65 comhartha aiseolais do thiománaithe ó 2020, rud a fhágann go bhfuil os cionn 100 ceann ar fad sa chathair. Scáthláin Bus Mar chuid de na tacaíochtaí chun taisteal gníomhach a spreagadh, cuireadh cúig scáthlán nua bus ar fáil ar fud na cathrach in 2022. Rannóg ITS Bainistíonn an Rannóg ITS Córais Chliste Iompair (ITS), seirbhísí leictreacha/sibhialta agus sócmhainní Soilsithe Bóthair ar fud na cathrach. Áirítear leis seo raon oibreacha, seirbhísí, tionscadal agus córas a bhaineann le hiompar agus soghluaisteacht a phleanáil, a sheachadadh agus a chothabháil a chuimsíonn líonra sócmhainní sibhialta, meicniúla agus leictreacha. Is é aidhm na Rannóige bainistíocht réamhghníomhach agus fhreagrach i leith na soghluaisteachta a sholáthar, agus leas á baint as bailiú agus úsáid sonraí cliste agus ag an am céanna oiriúnú do riachtanais athraitheacha i gcomhar leis na geallsealbhóirí go léir.

| 8

Powered by