Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

An Timpeallacht Dianghlanadh

Rinne criúnna glantacháin sráide dianghlanadh ar dhromchlaí na gcosán agus ar throscán sráide i gceantair i lár na cathrach in 2022. Níor mhór díriú ar na ceantair seo mar gheall ar líon na gcoisithe agus na tráchta feithiclí a seachadta a bhíonn orthu gach lá. Úsáideann na criúnna glanta sráide meaisín scairduisce te atá an-éifeachtach chun salachar greamaithe a bhaint ach atá go maith chun frídíní a bhaint de dhromchlaí chomh maith. Úsáidtear greamán sciúradh rothlacha ar an níochán brú chun guma a bhaint as sráid na cathrach. Faighimid seirbhísí conraitheora dianghlantacháin gach bliain leis a úsáideann trealamh agus ábhair speisialaithe chun guma, salachar agus smúit a bhaint de shráideanna na cathrach.

Bosca Bruscair Comdhlúthúcháin Gréine In 2022, chuir Comhairle Cathrach Chorcaí 54 bosca bruscair comdhlúthúcháin gréine isteach. Tugann na torthaí go dtí seo le fiosgur tháinig laghsú ar líon na mbailiúchán dramhaíola i gcás boscaí áirithe oiread agus 75% ach úsáid a bhaint as Boscaí Bruscair Comdhlúthúcháin Gréine i gcomparáid leis na boscaí bruscair neamh-chomhdhlúthúcháin atá ar fud na cathrach.

I gcomhar leis na trialacha seo, chuireamar boscaí bruscair píotsa isteach in áiteanna a raibh deacrachtaí chun an bruscar a laghdú. Fuarthas amach gur tháinig laghdú oiread agus 50% ar na leibhéil bhruscair sa bhosca bruscair agus timpeall air i lár na cathrach. Mar thoradh air sin, meastar go gcuirfimid isteach níos mó Boscaí Bruscair Comdhlúthúcháin Gréine agus go gcuirfear boscaí bruscair píotsa isteach in áiteanna cuí ar fud lár na cathrach in 2023.

| 10

Powered by